Wednesday, May 4, 2011

Guímis

B’fhéidir gur cuimhin libh an scéal seo, scéal brónach faoi Saoirse Heffernan, cailín beag cúig bliana d’aois, a fuair bás ag tús na bliana.

Mar a scríobh mé ag an am, tá an galar céanna a sciob Saoirse óna muintir, Batten’s Disease, ar a deartháir, Liam, leaidín atá dhá bhliain d’aois anois; luathchomharthaí an ghalair mharfaigh le brath ar a cholainn óg cheana féin.

Bhuel, inné, in ospidéal i Nua Eabhrach, cuireadh Liam faoi scian. Máinliacht inchinne cheannródaíoch a rinneadh air, agus táthar ag súil go n-éireoidh le Liam an lámh in uachtar a fháil ar an ngalar, má éiríonn go maith leis na géinte nua a fuair sé i rith na hobráide.  

Guím go dtiocfaidh a dhea-shláinte ar ais chuig Liam, agus go raibh ag a thuismitheoirí, Tony agus Mary, an neart agus an misneach atá ag teastáil ag an am seo.

2 comments:

ormondo said...

Go raibh an t-ádh leis an gclann bocht.

aonghus said...

Áiméan