Tuesday, May 10, 2011

Béarlóir agus Béarlagair

An bhfuil a fhios agaibh céard a chuala mé ag cruinniú anocht, ó Bhéarlóir a chuala é ó Bhéarlóir eile, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, ach tháinig an focal 'mot', focal atá le fáil i mbéarlagair Bhaile Átha Cliath don fhocal ‘girlfriend’, tháinig an focal sin 'mot' ón bhfocal Gaeilge ‘maith’.

Bhí mé amhrasach, ach, ar m’fhilleadh abhaile dom anocht, léigh mé an fhianaise scríofa anseo.

Meas tú an gciallaíonn sé sin go bhfuil go leor cailíní maithe i mBaile Átha Cliath, agus go bhfuil Gaeilge á labhairt go minic ag na fir ann...

5 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

níl a fhios agam an bhfuil siad maith nó an bhfuil Gaeilge ag na fir, ach rachaidh siad uilig amch 'on the batter' (bóthar) in stoneybatter (an seanbhóthar siar) nó amch go Batterstown (ní gá domh a mhíniú!) i gCó. na Mí

Mise Áine said...

Mínithe go hiontach soiléir agat, a chara...:-)

Anonymous said...

Sílim go bhfuil dabht fá dtaobh den tsanasaíocht sin. Deir Slanguage le Bernard Share gur fhéadfadh mot bheith ó Sheiltis. Deir an OED gur fhéadfadh sé baint leis an Ghearmáinic:

Freaslannach Thiar: mot cráin, coinín baineann, duine liopasta (motbaarch sraoilleog)

Ollainnis: mot cráin, striapach, bean dhrabhlásach

Gearmáinis Íochtarach: mutt pit

Gearmáinis: musse striapach, bean dhrabhlásach; mutze striapach, bean dhrabhlásach, pit

Ní deir aon cheann acu go bhfuil sé ó mhaith. Tá mort/morte ann. Focal an-spéisiúil seo.

ormondo said...

"Moth" = "maith"?

Ní dóigh liom é.

D'eascair a lán focal den chineál sin go neamhspleách ar aon fhocal a tháinig roimhe. I leaba na seafóide a gineadh cuid mhaith acu, déarfainn.

Mise Áine said...

Focal an-spéisiúil, go deimhin, a John!

@ 'I leaba na seafóide a gineadh cuid mhaith acu'

B'fhéidir é, a Fhearghuis...:-)