Saturday, April 9, 2011

Cearc Ar Gor

Tháinig an chearc thuas chugam sa phost an tseachtain seo caite, mar bhronntanas ón Bhean Neamhspleách, do Lá na Máithreacha. Tá an chearc ag breith léi ó shin, agus táim, ahem, ar gor ag fanacht leis na huibheacha uaithi, Domhnach na Cásca.

Tháinig sí, sa phost, i mbosca, agus bhí go leor páipéir dhoinn timpeall uirthi, le hí a choinneáil sábháilte, is dócha. Cibé scéal é, thosaigh mé ag baint an pháipéir den bhosca le cúram, le nach stróicfinn é, le go mbeinn in ann an páipéar donn a chur i dtaisce, an dtuigeann sibh, le go mbeinn in ann é a úsáid arís, am éigin amach anseo.

Rith an smaoineamh liom, agus mé á dhéanamh sin, an sean-nós é páipéar, prócaí suibhe, seanntuáillí, boscaí folmha srl., a shábháil, agus a chur i dtaisce, le go mbainfear feidhm eile astú arís, nó an é go gceannaítear chuile ní as an nua sa lá atá inniu ann?

6 comments:

ormondo said...

Is dócha gur minic an spás stórála a bheith níos daoire sa lá inniu ná na rudaí a chuirtear ar stór ann.

Ní raibh teacht ar a lán nithe san "anallód" agus b'in an chúis ba mhó, déarfainn, go mbíodh sé de nós ag daoine gach saghas ruda a chur ar leataobh le go mbainfaí feidhm astú arís.

Agus, más cruinn mo chuimhne, nach mbreathnaítí air mar shaghas peaca dá gcuirfí nithe fónta sa dul amú? Bhí gné mhórálach leis an nós fiú.

Míshásta said...

Sin bronntanas le haghaidh na Cásca, nach ea?

Mise Áine said...

@ Ormondo

Fiú agus teacht agam ar 'a lán nithe' anois, airím nach féidir liom a dhath a chur amú, más féidir liom feidhm a bhaint as an rud, ar bhealach ar bith.

An méid sin ráite, ní cnuasaitheoir atá ionaim, ceapaim, mar nach gcoinneoinn an ní sin nach mbeadh úsáideach.

@ Míshásta

Sea, shílfeá, ach is do Lá na Máithreacha a tugadh dom é, le go mbeadh sé agam i gCeann Scríbe don Cháisc, seans.

Tá uibheacha beaga faoin gcearc cheana, agus beidh siad ann do pháiste ar bith a thiocfaidh ar cuairt - páistí móra fásta ina measc!

Dennis King said...

Uibheacha seacláide?

Ar smaoinigh sibh riamh ar fhíor-chearca a choinneáil, taobh thiar den teach?

Mise Áine said...

@ Uibheacha secláide@

Sea, agus iad, seans, chomh milis le d'ionam...:)

@ ar fhíor-chearca a choinneáil

Bhí aithne agam ar dhaoine a rinne é sin, agus níorbh bhfiú an tairbhe an trioblóid, ná an boladh, i mo thuairim.

Níl garraí againn i gCeann Scríbe, ach tá madraí againn, agus tá Sióg againn - sin ár ndóthain!

Dennis King said...

Ba bhreá liom cúpla sicín a choinneáil, ach bheadh orm daingean a thógáil dóibh leis na racúin a choinneáil amach istoíche! Is féidir go ndéanfaidh mé é sin sa samhradh. Ach tá sean-deic le leagan agam sa chlós ar dtús!