Wednesday, April 20, 2011

Cás Cuairte

Tháinig mé ar an ngléas thuas inné, nuair a bhí mé ag útamáil liom sa phrios. Anois, tá a fhios agam go bhfuil sibh ann agus beidh a fhios agaibh, láithreach bonn, cén úsáid a bhainfeadh duine as a leithéid, ach ní raibh a fhios agamsa, an chéad lá a tugadh dom é.

Fuair mé é mar bhronntanas roinnt blianta ó shin, nuair a bhí mé ar laethanta saoire sa Ghearmáin. Go deimhin, bhí ar an mbronntóir feidhm an ghléis a mhíniú dom. Tá go maith, arsa mé féin liom féin ag an am, bainfidh mé úsáid as sin gan dabht, ó am go chéile.  

Nuair a bhí mé ag fáil réidh don turas eitleáin abhaile ón nGearmáin, chuir mé an gléas isteach i mo chás cábáin, ar fhaitíos go mbeadh sé ag teastáil uaim i rith an aistir, an dtuigeann sibh. Bhí go maith, agus ní raibh go holc, go dtí go raibh orm dhul tríd rannóg shlándála an aerfoirt, áit a dtéann paisinéirí, agus a mbagáiste, tríd an bpróiseas scanta.

Chuir mé mo chás cábáin suas ar an gcrios iompair, agus d’imigh sé leis, tríd an inneall x-ghathaithe, mar is gnách. Bhí scata fear as Éirinn sa scuaine taobh thiar díom, iad ar a mbealach abhaile ó chóisir na stumpaí, rud ba léir óna ngeansaithe, ar a raibh ‘John’s Last Stand’,  nó rud éigin mar sin, scríofa. 

Pé scéal é, rinneadh scanadh orm féin freisin, mar is iondúil, agus bhí mé i mo sheasamh, ar an taobh eile den inneall scanacháin, ag fanacht go foighneach le mo chás, le go dtabharfainn liom é, isteach ar an eitleán. Bhí sé mall go leor ag teacht tríd an bpróiséas, shíl mé.

Faoin am sin, bhí na fir uilig scanáilte, iad ag fanacht go bhfaighinn mo chás, le go mbeadh siad in ann a mbagáiste féin a fháil ar ais. Faoi dheireadh, chonaic mé mo chás ag teacht i mo threo. Díreach agus mé ar tí é a chrochadh liom as an mbealach, stop an garda slándála mé, agus dúirt liom,

Would you mind opening your case, please?’

Thug mé faoi deara go raibh an garda, agus a chomhghleacaí, cineál amhrasach ag breathnú, rud a chuir amhras ormsa, freisin, caithfidh mé a admháil. D’oscail mé mo chás, go deas réidh. Bhí mé ag breathnú, go himníoch, ar na gardaí os mo chomhair, agus bhí siadsan ag coinneáil súil ghéar ormsa.

Agus an cás oscailte agam, thosaigh duine de na gardaí ag útamáil, go cúramach, tríd an stuif ann. Chúlaigh an garda eile beagán, shíl mé, é fós ag coinneáil a shúile dírithe ormsa, mar a bheadh sé ag fáil réidh d’ionsaí ganfhiosaíochta. Nílim cinnte cé ba mhó a bhí ‘i nganfhios’, eisean nó mise, ach bhí seisean faoi réir, pé scéal é, cibé fúmsa.   

An chéad rud eile, céard a thóg an garda eile amach as an gcás ach mo ghléas. Cibé callán agus comhrá a bhí ag dul ar aghaidh sa scuaine taobh thiar díom roimhe sin, stop sé, chomh luath agus a chonaic fir chóisir na stumpaí mo ghléas i lámh an gharda.

Leag an garda an gléas, go cúramach, ar an mbord os mo chomhair, agus chúlaigh sé, coiscéim nó dhó. Ní raibh focal le cloisteáil ó na fir sa scuaine. Go deimhin, de réir mar a chúlaigh na gardaí slándála uaimse agus ón ngléas, is amhlaidh is gaire díom a tháinig na fir ar mo chúl, iad uilig ag géarú a gcluasa, iad uilig ag díriú a súile ormsa, agus ar mo ghléas.

Would you mind telling me what that is, please?’ a dúirt an garda slándála liom, le húdarás.

Phioc mé suas mo ghléas, agus thosaigh mé á oscailt. Chúlaigh na gardaí coiscéim nó dhó eile uaim. Tháinig na fir ar mo chúl níos gaire díom.

Jayus, this’ll be interesting…’ a chuala mé ó fhear amháin acu.

Ansin, ciúnas.

Ní raibh focal á labhairt, ná fiú anáil á tarraingt. D’oscail mé mo ghléas go hiomlán. Tháinig easanálú iontais ó na fir uilig timpeall orm, ar fheiceáil mo bhanana dóibh, banana a bhí fós go deas úr, agus slán sábháilte, istigh ina chás beag féin. 

5 comments:

Néidí said...

Ní raibh a fhios agam féin céard a bhí ann ach bhíos ar aon intinn leis na lads.
Is maith an úsáid an fíor úsaid..ach ní cheannóinn é dom féin.

Dennis King said...

Sea, is maith an smaoineamh é na rudaí sin a chlúdach. Bíonn siad níos sábháilte mar sin. Tá siad níos leochailí ná mar a fheictear.

Mise Áine said...

@ ní cheannóinn é dom féin

Tá sé sách mór, a Néidí, agus ní fheilfeadh sé do mhála beag, b'fhéidir, ach tá sé áisiúil dá mbeadh tú ag taisteal i gcarr, mar shampla.

@ Dennis

Aontaím...:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

tupperware abú!

Mise Áine said...

...:-)