Thursday, March 10, 2011

Irish Blog Awards 2011

Sin thuas na blagálaithe Gaeilge ar éirigh leo áit a fháil ar an liosta ceannais do na Irish Blog Awards 2011, sa rannóg faoin teideal. ‘Use of the Irish Language in a Blog’.

Bhí Rámhaille agus dinglenews.org, ainmnithe freisin, ach níor éirigh leo áit a fháil ar an liosta thuas. Sin mar atá an scéal, agus tréaslaím ó chroí leo siúd ar éirigh leo áit a fháil.

Mo chuimhne, táim buíoch den té a chuir Rámhaille san áireamh sa chéad dul amach - go raibh maith agat, a chara, cibé thú féin!

Beidh na duaiseanna á mbronnadh san Europa Hotel, i mBéal Feirste, ar an 19 Márta, agus is féidir leat d’áit a chlárú anseo, más mian leat bheith i láthair ag an ócáid.  

Feicim, agus tá áthas orm é a fheiceáil, go bhfuil áit faighte ag an gCultúrlann i nBéal Feirste ar an liosta ‘Best Arts and Culture Blog’, ach ní fheicim aon ainmniúcháin eile uaim san áireamh ar aon liosta ceannais eile, seachas an dá liosta luaite anseo agam.

Go n-éirí libh, a chairde na Gaeilge!   

3 comments:

Anonymous said...

http://spanishexposition.blogspot.com

Corr, níl sé seo as Ghaeilge. ????

Rosie said...

tá an ceart amach agat, a Sheáin, tá sin curtha in iúl agam do Mulley agus scríobhas rud éigin mar gheall ar ar an mblag chomh maith. b'fhiú ríomhphost a chur chuige, Áine, féachaint an de thaisme a fágadh ar lár thú!

Mise Áine said...

Ara, ná bí pioc buartha faoi, a Rosie, mar nílimse, a chara! Níl ann ach giota craic...:-)