Beidh an Éigse ar siúl ón 16ú - 20ú Márta, agus is cosúil go bhfuil clár cuimsitheach curtha le chéile acu, mar a fheicfidh sibh thíos.
Tá súil agam féin bheith i láthair ag an oíche filíochta a bheas ar siúl ar an 17ú, ag 8.00 i.n., in Óstán na Páirce. Tá trí dhán nua scríofa agam don ócáid 'open mic'. Ní mé amháin a bheas ann, go deimhin. Beidh filí eile as Conamara ag léamh a gcuid dánta, freisin, agus táim ag dúil go mór le hiad a chloisteáil.
Clár na hÉigse
Dé Máirt 15ú Márta
8:00 Taispeántas ealaíne ‘Seisear’ leis an ngrúpa ‘Ealaíontóirí Chois Fharraige’ i gColáiste Chonnacht.
Dé Céadaoin 16ú Márta
7:30 Seoladh na hÉigse - Óstán na Páirce
8:00 Ceoltóirí Óga an Ghaelacadaimh
Cór Chois Fharraige
Siamsóirí an Acadaimh
10:00 Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes
Déardaoin 17ú Márta
11:45 Banna Ceoil na Bunscoile – An ‘Grotto’ Séipéal an Spidéil
12:00 Paráid Lá Fhéile Pádraig – Sráidbhaile an Spidéil
3:30 Seisiúin Scéalaíochta do ghásúir – Leabharlann an Spidéil
8:00 Oíche Fhilíochta
- Gearóid Denvir – Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraig Learaí Uí Fhínneadha
‘Open Mic' - Fílí Chonamara ag léamh a gcuid dánta
10:00 Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes
Dé hAoine 18ú Márta
8:00 Taispeántas Damhsa
Damhsa ar an Sean-Nós – Seosamh Ó Neachtain, Mícheál Ó Súilleabháin & Catherine Ní Shúilleabháin.
Damhsa Flamenco ó Andalucia – Al-Andar
Damhsa ar an Sean-Nós
10:00 Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Tigh Hughes
10:00am-1:00pm Máistir Ranganna & Ceardlanna –Óstán na Páirce
12:00 Meánlae Comórtas Cuimhneacháin Pheatsaí Uí Cheannabháin do dhaoine faoi 18 – Óstán na Páirce
8:00 Ceolchoirm Mhór na hÉigse – Óstán na Páirce
Oíche na mBoscadóirí - Boscadóirí Chonamara
Seán Mac Donncha (Seáinín Phat Mhyle)
Johnny Connolly
Johnny Óg
Colm Gannon
Kevin Coyne
PJ Hernon
John Blake mar thionlacan, Seosamh Ó Neachtain ag damhsa.
10:00 Seisiúin Ceoil Neamhfhoirmeálta – Óstán na Páirce & Tigh Hughes
Dé Domhnaigh, 20ú Márta
12:30 Clabhsúr na hÉigse & bronnadh na ngradaim le ceoltóirí & fonnadóirí áitiúla.
Fonnadóirí: Teresa Mhic Fhlaithbheartaigh (Dún na nGall), Treasa Ní Mhiolláin (Árainn) & Áine Uí Laoithe (Ciarraí).
Tí Hughes.
No comments:
Post a Comment