Thursday, March 24, 2011

Focail Liom, Focail Leat

Ar thug tú faoi deara riamh, a léitheoir, go bhfuil daoine ann agus athraíonn a bpearsantacht ó am go chéile, shílfeá.

Níl a fhios agam, go deimhin, an bhfuil baint ag a leithéid d’athrú le ‘pearsantacht’, ach tharla sé go raibh mé i gcomhrá le bean inniu, a dúirt liom, agus í ag tagairt d’fhear ar a haithne,

He’s the type of guy who'd go to watch a Western in the cinema, and would come out walking like a cowboy!’

Ar ndóigh, an rud a bhí i gceist aici, ceapaim, ná nach mbeadh aithne go brách agat ar a leithéid de dhuine, mar nach bhfuil buan-phearsantacht aige. Seans go raibh sé i gceist aici, freisin, nach bhféadfá focal as béal an duine sin a chreidiúint, mar go gcloisfidh tú uaidh an rud is dual dó ag an am.   

Pé scéal é, bhain a habairt gáire asam, agus ó tharla gur rith an smaoineamh liom ag an am, chuaigh mé ar thóir leagan Gaeilge den fhocal ‘copycat’ i bhfoclóir De Bhaldraithe.

Creid é nó ná creid, is ‘maidrín aithrise’ é an ‘copycat’.

4 comments:

Dennis King said...

GRMA as a bhfocal sin ... bhuel, dhá fhocal!

Mise Áine said...

Tá fáilte romhat!

Mo chuimhne, a Dennis, chuir mé ceist nó dhó faoi 'Rub it it!', agus níor tháinig mé ar leagan dúchasach Gaeilge ar leith, cé gur tugadh 'Cuir bealadh air!' dom, mar shampla a d'fheilfeadh, b'fhéidir.

Mise Áine said...

Agus, 'cac ar aithris' a bhíodh againn féin don copycat fadó, más buan mo chuimhne!

Mise Áine said...

An leagan ceart..'cách ar aithris!'

http://focailfholaithe.fng.ie/headwords/ina-c%C3%A1ch-ar-aithris