Agus mé ag breathnú ar an bhfíseán seo, chuir sé m’óige i gcuimhne dom. Dhéanadh mo mháthair cácaí iontacha. Nuair a bhíodh an cáca san oigheann, bhíodh cead againn an babhla a lí, sula níodh sí é.
Anois, tá farraige mhór Atlantach eadrainn ach, mar sin féin, táim in ann boladh an cháca sin a fháil fós…
5 comments:
GRMA agat as an bhfíseán a roinnt linn. Feicim go bhfuil do mháthair an-ghníomhach, bail ó Dhia uirthi.
Tá cuma bhreá ar an gcáca. Cuireann sé an cáca pórtair i gcuimhne dom a bhíodh sa teaghlach againn ag am Nollag.
Iom-iom-IOM! Tá uisce lem' fhiacla is mé ag breathnú ar an bhfiseán san.
Ach rud beag amháin - tá's agam go ndeirtear fúinn go mbímíd róghoilliúnach anseo i gCorcaigh, ach fós féin NÍ HIONANN STOUT AGUS GUINNESS. Tá Murphys agus Beamish ann leis.
Beannachtaí na Féile ar do mhathair agus ar do mhuintir uilig.
@ Ormondo
GRMA. Déanann sí cácaí áille, bail óna Cé uirthi. Is deas ann iad ár gcuimhní cinn, a chara.
@ Míshásta
ASG!
Cuirfidh mé píosa den cháca chugat, lá breá éigin, le thú a mhilsiú, mar a déarfá...:-)
Margarine? Nach mbeadh im níos fearr?
Dála an scéil, an mbraitheann tú go bhfuil tuin Mheiriceánach ar do mham anois?
@ 'Nach mbeadh im níos fearr?
Ní bheadh leid dá laghad agam, a Dennis! Ní duine mé a dhéanann cácaí - is léir go ndeachaigh an ghéin sin amú orm. :-)
@ 'tuin Mheiriceánach'
Ní bhíonn, nuair a bhíonn sí sa mbaile, ach chuala mé rian den tuin uaithi ar an bhfísean sin, ceart go leor.
Deirtear fúm féin, nuair a bhím sa mbaile i gConamara, go bhfuil rian de chanúint Dhún na nGall i mo chuid cainte, ach ní thugtar í faoi deara sna bólaí seo, muise, áit nach gcloiseann daoine ach canúint bhreá na Gaillimhe, is cuma Béarla nó Gaeilge á labhairt agam!
Post a Comment