Tuesday, March 1, 2011

Bainne Cíche nó Uachtar Reoite?

Dá mbeadh rogha agat, cé acu a roghnófá, a léitheoir, bainne cíche nó uachtar reoite?

Bhuel, Dé hAoine seo caite, i Londain,  lainseáladh ‘Baby Gaga’, uachtar reoite déanta as bainne cíche, rud a d’fhág nach mbeadh gá duit an rogha sin a dhéanamh, an dtuigeann tú, ó tharla fáil anois ar an, ahem, péire in éineacht, mar a déarfá. 

Ach, faraor, ahem, géar, bhí daoine ann nár thaitin an smaoineamh seo leo, agus chuala mé ar maidin go bhfuil an t-uachtar reoite, bhuel, go bhfuil sé curtha ar ‘ice’ d’fhéadfá a rá, a fhad is go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar na…ar an…bhuel, ar an táirge, is dócha.

16 comments:

aonghus said...

Sláinte na mathrach!

Is cuimhin liom gearrscéal ana ghreannmhar de chuid Joe Steve bunaithe ar mí thuiscint faoi uachtar reoite agus bainne cíche.

S said...

"A spokeswoman...said it was responding to two complaints from the public over whether a shop should be selling edibles made from other people's bodily fluids... "

Ach, tá na sreabháin coirp ó speiceas eile ceart go leor! Cuireann scéalta mar seo na giggles orm.

Mise Áine said...

Cén scéal é sin, a Aonghuis, agus as cén leabhar - más rud go bhfuil cuimhne agat air, ar ndóigh?

aonghus said...

Ní cuimhin liom an teideal ach bhí sé i Salann Garbh.

Mise Áine said...

Grma, a Aonghuis!

@ 'Ach, tá na sreabháin coirp ó speiceas eile ceart go leor! Cuireann scéalta mar seo na giggles orm'

Fáilte isteach, a Choilm!

Rith an smaoineamh sin liom féin, freisin. Is ait an mac an saol, ach is aite meon an duine...:-)

Anonymous said...

Bainne cíche!

OK, tá sé in am don an scéal seo a ríomh libh cionn is gur breis agus 40 bliain ó shin a tharla agus mé geall le bheith cinnte nach bhfuil Gaeilge a thuilleadh ag éinne a bhí bainteach leis an eachtra seo seachas mé féin.
Bhí buíon dínn, céimithe agus iarchéimithe sa Cheimic ó UCD, ag obair i gcathair i lár Mheiriceá.

Den chuid is mó bhíomar nua-phósta agus, mar a tharlaíonn ina leithéid de staid, tharla na mná uilig bheith torrach. Rugadh duine agus beirt agus triúr agus thagadh na máithreacha le chéile gach maidin, tráth a mbíodh na haithreacha dulta ar obair, agus bhídís ag beathú na bpáistí. Bhí bean amháin díobh a raibh an oiread sin bainne á tál aici gurbh éigean di an farasbarr a reo. Níorbh fhada go raibh geall le galún de bhainne reoite aici. Cad arbh fhéidir a dhéanamh leis? Ní raibh trácht an t-am sin ar HIV agus an scéim atá ann anois chun bainne cíche a bhronnadh ar mháthair ionfhabhtaithe d’fhonn an leanbh a chosaint ón víreas. Well, moladh seo agus moladh siúd agus sa deireadh cinneadh braon den bhainne a thriail i gcaife na maidine; caife maidin na bhfear céile atá mé ag rá, mé féin san áireamh. Leanadh leis an bplean ar feadh seachtaine ach b’éigean stop a chur leis mar ní raibh an dath cuí ar an gcaife, dar leis na fir chéanna. Blianta anonn ligeadh an rún linn agus nár sinne a bhí maslaithe.

S said...

AGGH. Iontach a Sheáin! Gura maith 'ad.

ormondo said...

Feicim go bhfuil cúigear déag ag soláthar an bhainne don fhear fiontraíoch úd Matt O'Connor.

Cad a déarfá: an bhfuil suí ag Matt sa bhuaile?

Mise Áine said...

Bean bhleachtmhar, agus scéal slachtmhar - maith thú, a SheáinO!

Mise Áine said...

@ 'Cad a déarfá: an bhfuil suí ag Matt sa bhuaile?'

B'fhéidir go bhfuil an scéal á bhleán aige, a Ormondo...;-)

ormondo said...

Scéal? Níl an scéal tosaithe i gceart aige, a Áine.

Is amhlaidh go bhfuil sé fós ag obair ar an... mbrollach.

Mise Áine said...

ASG!

Níl an lámh in uachtar fáighte aige fós, is dócha...

Anonymous said...

Tugaim cuairt ar Tholglann na mBan Cíoch béal dorais ina áit. Táirge scamhardach. Ní phaistéarann siad.

Mise Áine said...

Ní bhíonn gá leis...:-)

Anonymous said...

Déanaim ach magadh faoi, ar ndóighe. :)

Mise Áine said...

Tá a fhios agam, a chara. :)