Thursday, February 3, 2011

Solas

Más rud go bhfuil cónaí ort in aice le Baile Loch Garmáin, agus más rud go bhfuil dúil agat sa Ghaeilge agus i gceol traidisiúnta, beidh Na Macallaí agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag teacht le chéile ansin san oíche amárach, 4 Feabhra, i dteach tabhairne an Sky and the Ground.

Dar leo, ar an suíomh,

'Is é seo an t-aon imeacht sóisialta dá leithéid i Loch Garman agus táthar ag súil le slua mór de cheoltóirí agus Ghaeilgóirí ar an oíche. Beidh ceoltóirí ó Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag seinm ar an oíche agus beidh neart Gaeilge le cloisteáil ar an oíche chomh maith le slua bréa de phobal na Gaeilge i láthair...Tá sé d’aidhm ag an oíche an Ghaeilge agus ceol tradisiúnta a chur chun cinn sa chontae. Anuas ar sin, táthar ag súil go tabharfaidh an oíche ardú proifíl don Ionad Gaeilge agus Cultúir atá beartaithe do Loch Garman.'

Go n-éirí leo!

2 comments:

John said...

Ba bhreá liom a bheith ann. :( Gan dabht, tá éacht mór déanta ag a leithéidí na Macallaí agus Glór Cheatharlach an Ghaeilge a chur chun cinn san oirdheisceart.

Mise Áine said...

@ 'tá éacht mór déanta'

Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh, a John, tá go deimhin!