Thursday, February 3, 2011

Difríocht á Déanamh

Is maith liom an feachtas seo atá ar bun ag Scott.

Más mian leat bheith páirteach, caith súil ar an bhfíseán seo uaidh ar YouTube, agus bí i dteagmháil leis.

A bhuí le hAonghus, i dtrácht uaidh thíos, seo an bunleathanach, agus ón mbunleathanach sin, tháinig mé orthu ar Facebook anseo.

7 comments:

Dennis King said...

Is maith liom é! Anois, dá mbeadh a fhios agam cén dóigh le físeán a dhéanamh... Beidh orm dul i gcomhairle le Maxime i bPáras. Tuigeann seisean mo ríomhaire i bhfad níos fearr ná mar a thuigim féin é. Tá Mac aige freisin. Agus tá Gaeilge aige. B'fhéidir go mbeidh sé sásta físeán dá chuid féin a dhéanamh.

aonghus said...

An deacracht céanna agamsa. Tá's agam gur féidir le mo cheamara físeáin a ghlacadh, ach ceist eile iad a chrochadh ar an idirlíon.

DAS, an é Scott féin atá taobh thiar de, nó an ag scaipeadh an scéil atá sé?

aonghus said...

Seo an bun leathanach http://difriocht.tumblr.com/post/3089125762/is-feidir-liom-difriocht-a-dheanamh

Mise Áine said...

@ 'dá mbeadh a fhios agam cén dóigh le físeán a dhéanamh'

Táim féin ag dul i ngleic leis an bhfadhb sin ag an deireadh seachtaine, a Dennis agus a Aonghuis. Tá mo cheamara nua in ann físeán HD a thaifeadadh, agus tá orm cuntas YouTube/Vimeo a fháil. Beidh mé ag foghlaim liom, agus beidh mo 'líne', acu! Go n-éirí libh féin, freisin!

@ 'DAS, an é Scott féin atá taobh thiar de, nó an ag scaipeadh an scéil atá sé?'

Nílim cinnte, ach fuair mise an scéal ó Scott, ar Twitter, aréir.

Mise Áine said...

Mo chuimhe, go raibh maith agat, a Aonghuis, as an mbunleathanach sin a aimsiú! Tá an nasc curtha sa bhlagmhír agam anois.

Maith thú! Ar scáth a chéile...;-)

Dennis King said...

agus tá orm cuntas YouTube/Vimeo a fháil

Meas tú an mbeadh muid in ann ár gcuid físeán a chur chugatsa agus ansin go mbeifeá in ann do chuntas nua a úsáid len iad a chur ar fáil do lucht Difríocht??

Mise Áine said...

Nuair a bheas na sonraithe uilig agam féin, a Dennis, beidh mé i dteagmháil.

Bheinn breá sásta cuidiú, más féidir liom...:-)