Thursday, February 10, 2011

Irish Blog Awards

Mar a dúirt mé anuraidh, a léitheoirí, is fiú súil a chaitheamh ar na catagóirí éagsúla atá ar an liosta ar shuíomh an Irish Blog Awards.

Táim den bharúil go bhfuil níos mó ná catagóir amháin ann ina mbeadh duine in ann blag le Gaeilge in úsáid ann a ainmniú, seachas 'Best use of Irish Language in a Blog' amháin. mar a déarfá.

Tá agaibh go dtí 6.00 i.n. inniu, Déardaoin, 10 Feabhra, le bhur gcuid ainmniúchán a sheoladh isteach, más mian libh.

No comments: