Wednesday, February 9, 2011

Inis Eoghain

Bhí cara m’iníne anseo ag an deireadh seachtaine, agus chinn mé féin agus an Garraíodóir beagán fámaireachta a dhéanamh leo, timpeall ar Inis Eoghain.

Cnoc Fhathna ceithre mhíle soir ó Bhun Cranncha, agus is ann a thosaíomar an turas Dé Sathairn.

Sa ghrianghraf thuas, táim i mo sheasamh ar bharr an chnoic, amach os mo chomhair tá inbhear Loch Súilí, le Ráth Maoláin ar dheis, agus An Inis ar chlé.

Mar eolas daoibh, léigh mé go ‘síneann Loch Súilí 30km isteach ón gcósta thuaidh go Leitir Ceanainn agus is é is faide de roinnt góilíní sa tír a cruthaíodh leis an oighearaois.’


Sa ghrianghraf thuas, feictear an cabhsa atá ag dul trasna an inbhir, ó Fathain, ar chlé, go hInis, ar dheis. Sa chúlra, tá An Bheart agus, má mhéadaíonn tú an grianghraf, trí chliceáil air, feicfidh tú Grianán Ailigh ar bharr an chnocáin is airde ansin.


Chuamar ó thuaidh ansin, chuig An Dún Riabhach, áit a thóg mé an grianghraf thuas, ag Fort Dunree, nó ag An Dún Fhraoigh mar a thugtar air ar an suíomh sin. Feictear dom, ón taifead cartlainne ag logainm.ie anseo, go bhfuil an dá leagan den logainm, nó níos mó, ann.

Ar bharr na haille ansin, tá seanbhothán foraire, bothán atá an-ghar d’imeall na haille, mar a fheicfidh sibh. Is dóigh liom go raibh ar na saighdiúirí bheith iontach cúramach, agus iad ag siúl thart ar fud na haille sin fadó!

Suite ar a sáimhín só ar an aill, faoin mbothán, cois na farraige, bhí cuid d’éin na háite. Fulmairí, nó Cánóga Bána, is dóigh liom, atá iontu.

Is ionann ainm an fhulmaire, más fíor an méid a léigh mé anseo, agus ‘Foul Gull’ ó tharla é de nós acu ‘squirts contents of stomach at attackers.’ Ní raibh mé sách gar dóibh, a léitheoirí, le fianaise i leith an eolais sin a fháil daoibh. 


Ar aghaidh linn chuig Baile Lifín, áit a stopamar ag an trá ann. Bhíodh níos mó ná leagan amháin den logainm Baile Lifín ann, dar leis an taifead cartlainne anseo; mar shampla, Baile Luibh Finn, Baile Leith Bheann, Baile Lia Finn, Baile Liathmhuine srl.

Seachas an páiste agus an madra ar an trá, tá Glaiséidí le feiceáil sa chúlra, áit a dtugtaí Seale Island air tráth den saol. Tá ‘green garment’ mar aistriúchán ar an logainm sa taifead cartlainne ag logainm.ie, agus tá ‘Island of the Green Cloak’ mar aistriúchán ag Wikipedia.


Chuig Cionn Mhálanna linn ansin, áit ina bhfuil Banba’s Crown, an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn, le fáil.

Nuair a bhíonn lá bán ann, is féidir oileáin Diúra agus Íle na hAlban a fheiceáil ón áit seo. Cibé sórt lá a bhíonn ann, tá neart eile le feiceáil timpeall na háite áille seo.


Radharc i dtreo an Atlantaigh Thuaidh, grianghraf a thóg mé ón seanbhóthán foraire, atá taobh leis an túr ar Banba’s Crown.

4 comments:

Dennis King said...

Is cosúil go raibh na Gàidhligeoirí ar Eilean Hiort (St. Kilda) go mór i dtuilleamaí na bhfulmairí. D'ith siad iad agus dhóigh siad a gcuid ola sna lampaí, agus is le cleití an éin seo a d'íoc siad an cíos.

An Chúil Mhór said...

An é fíor a rá go bhfuil an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn sa Deisceart!!!!!!!!?????

Mise Áine said...

@ Dennis

Is léir nár éirigh le smugairlí na bhfulmairí, mar sin!

Fáilte isteach, a Chúil!

Níl dabht ar bith ann! Tá an pointe is faide ó thuaidh in Éirinn i dTuaisceart na hÉireann...;-)

Mise Áine said...

Iarracht eile uaim an nasc thuas, nach bhfuil ag obair, feictear dom, a thaispeáint don Chúil Mhór.