Friday, February 4, 2011

An Eurovision Song Contest

Más rud go bhfuil suim agaibh sa Eurovision Song Contest, a léitheoirí, nó más rud gur mhaith libh fáil amach cé atá san iomaíocht d’amhrán a chasadh thar ceann na hÉireann, sa chomórtas ar an 14 Bealtaine sa Ghearmáin,  b’fhéidir gur mhaith libh súil a chaitheamh ar an gclár Eurosong 2011 – The Players, clár faisnéise a bheas ar siúl ar an teilifís, RTÉ 1, 7.00 i.n. amárach, Dé Sathairn. áit a bhfaighidh sibh ‘a sneak preview of the five acts in Eurosong 2011’, dar leo.

Cé nach mbeidh na hamhráin le cloisteáil ina n-iomláine ar an gclár teilifíse sin, beidh siad le cloisteáil ina n-iomláine ar chlár raidió Mooney Déardaoin seo chugainn, 10 Feabhra, ag 3.00 i.n.

Mura n-éiríonn libh ceachtar den dá chlár sin a fháil, beidh sibh in ann na hamhránaithe uilig a fheiceáil, agus a chloisteáil, ar an Late Late Show ar an Aoine seo chugainn, 11 Feabhra, áit a roghnófar buaiteoir an Eurosong ‘by a combination of public and regional jury vote.’

Cibé duine nó dream a roghnófar, beidh siad ag dul ar aghaidh ansin chuig an (dara) bhabhta leathcheannais, a bheas ar siúl sa Ghearmáin ar an 12 Bealtaine. Má éiríonn leis, beidh an t-amhrán páirteach sa chluiche ceannais ann ar an 14 Bealtaine.

5 comments:

Dennis King said...

Eurovision: an campfest is mó ar domhan!

John said...

Níl ach éad ort, a Dennis. Thosnaigh an Tíogar Ceilteach le teacht Linda Martin, Niamh Kavanagh agus Eimear Quinn. Tá bua Eurovision ag teastáil uainn go géar!!!

Dennis King said...

Tá súil agam, mar sin, go bhfuil sibh ag obair go crua ar na feistis, ós iad an chuid is tábhachtaí den chomórtas.
;-)

ormondo said...

"Eurovision: an campfest is mó ar domhan!"

Ach, creid nó ná creid, bíonn gliondar as cuimse ar cibé tír a mbíonn an bua aici - is cuma an tír "shofaisticiúil" nó tír "neamhshofaisticiúil" í.

Ní bhíonn suim agamsa in aon rud ach sa vótáil.

Agus cronaím fós an "Iúgósléébhian jiúirí".

Mise Áine said...

B'fhéidir é, a Dennis, ach breathnaím ar an gcomórtas, mar sin féin, le go mbeidh mé bord ar bhord lena bhfuil ag tarlú in earnáil an, ahem, cheoil.