Tuesday, January 18, 2011

Páirtí, nó Tír?

Só, tá toghchán príobháideach ag lucht Fhianna Fáil inniu. Nó, toghchán rúnda is cirte a rá. Níl a dhath príobháideach faoin méid a chualamar uatha, cé go raibh go leor rúndachta le cloisteáil, mar sin féin.

Táthar ann, baill d’Fhianna Fáil, a labhair amach go hoscailte, agus a thóg taobh amháin nó taobh eile, cuid acu ag tacú le Brian Cowen, cuid acu ag tacú le Micheál Martin; an bhladaireacht pholaitiúil chéanna le cloisteáil ón dá thaobh.

Ar an taobh eile de, táthar ann, baill d’Fhianna Fáil, a labhair amach go hoscailte, ach nár thóg taobh amháin nó taobh eile, a meon folaithe i muine focal, shílfeá, an ‘fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cén taobh is fearr a oibreoidh ar mhaithe liom féin’ b’fhéidir. Deacair a rá.

Ach, chuala mise na focail ‘best for the party’ go rómhinic an tseachtain seo, agus sílim gur cuma cén duine a roghnófar mar cheannaire ar an bpáirtí sin, tá an ‘lack of connection’ sin - focail a chuala mé ó bhéal Willie O’Dea ar an raidió inné, fear le tuiscint nach beag aige ar ‘lack of connection’, b'fhéidir– tá an ‘lack of connection’ le pobal na tíre seo le brath sna focail sin ‘best for the party’.

Agus, seans, go bhfuil an ‘lack of connection’ sin le brath sna focail ón ‘uncommitted TD’ a labhair ag deireadh an ailt seo, freisin, agus a dúirt,

Not many of our deputies listen to the Ryan Tubridy show on 2FM.’

B’fhéidir é, a dhuine gan ainm, ach tá go leor de phobal na tíre a éisteann leis, agus lena leithéid, agus sin an rud, is dóigh liom, nach dtuigeann baill de pháirtí ar bith a deir ‘best for the party’.

7 comments:

Néidí said...

Tá an páirtí sin iontach tábhachtach dúinn, Ní bheadh muintir na tíre in ann maireachtáil gan é, an dtuigeann tú?
mar sin an rud atá go maith don pháirtí, tá sé go maith don tír.....

aonghus said...

Sé bun locht Fhianna Fáil ó thús nach bhfeictear dóibh difear a bheith ann idir leas an pháirtí agus leas an stáit; ní áirím leas an phobail (nach ionann agus leas an stáit!).

Creideann siad gur leo de cheart an dlínse seo, agus gur timpiste fánach, a cheartófar gan ró mhoill, atá i gceist nuair atá dream eile i mbun rialtas gan iad.

Agus dá bhrí sin táim ag tnúth le léirscrios an pháirtí san toghchán.

Mise Áine said...

...:-), a Néidí.

@ 'ní áirím leas an phobail (nach ionann agus leas an stáit!).

Tuigim leat, a Aonghuis.

Beidh torthaí an lae inniu suimiúil, mar sin féin. Tá súil agam nach ndéanfar dearmad, ag am toghcháin, ar neamh-aire an pháirtí, is cuma cé a bheas i gceannas ar an bpáirtí ag an am.

ormondo said...

An t-aon rud a d'fhéadfaí a rá i bhfábhar Mhichíl Uí Mháirtín, dar liom, ná go bhfuil íosmhéid éigin misnigh aige nach bhfuil ag na hiarrthóirí eile.

Ar aon nós, is beag a bhainfidh scéal an cheannaire le hábhar mar ní dóigh liom go mbeidh FF i ngiorracht scread asail don chumhacht le fada an lá.

ormondo said...

Feicim go bhfuil toradh an toghcháin fógartha ar RTE.ie agus an Comhanach fós sa diallait.

Conas a déarfá?

Tá lucht FF go díreach tar éis a gcloigeann a shá isteach trína leasracha chun slán a fhagáil ag a dtóin.

Mise Áine said...

Ní chuireann an toradh iontas orm, a Ormondo.

Go deimhin, ní chuireann aon rud a dhéanann FF na laethanta seo iontas orm, mar nach bhfuil a fhios agam, ar chor ar bith, cá bhfuil a gcloigne sáite acu!

Mise Áine said...

Ceartú: Tuigim duit, a Aonghuis...:-)