Monday, January 31, 2011

Jabanna Ar Fáil

Níor mhaith liom go mbeadh sé curtha i mo leith nach raibh mé féaráilte, ná gur tharraing aon bhlagmhír uaim 'tuilleadh díspeagadh agus masla' sa mhullach ar aon fhear nó bean, agus, dá bhrí sin, ar fhaitíos na bhfaitíos, táim breá sásta Andy agus Richard - ó tharla iad dífhostaithe anois, an dtuigeann sibh - táim breá sásta an bheirt acu a chur ar an eolas faoi na jabanna seo.

Caithfear a bheith tuisceanach, na laethanta seo...

4 comments:

aonghus said...

Ceann maith. Ach ar mhaith leat ceachtar den dís sin a bheith do'd leanacht?

Mise Áine said...

Níor mhaith. Ach, dá mbeinn i mo réiteoir, agus mé ar thóir iompróir do mo mhála trealaimh...

aonghus said...

Sin pionóis cuí, cinnte. Sin, agus an t-éadach a ní tar éis an gcluiche dhuit!

Mise Áine said...

ASG!