Meas tú, arsa mé féin liom féin, ar maidin - nuair a chonaic mé an comhartha loite thuas, taobh amuigh d'ollmhargadh Lidlanseo i mBun Cranncha - meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfaca lucht an TCI cé a rinne an damáiste? Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?! Mo chuimhne, an raibh a fhios agaibh, a léitheoirí, go raibh a leithéid de chomhartha ann agus an interrobang? Meas tú cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéidí? Comhartha uaillcheiste? Is deacair a rá...ní bheadh a fhios agat...cá bhfios?!
No comments:
Post a Comment