Naisc Úsáideacha

Thursday, April 26, 2012

Focail Féilire

Cumhrán an aiféala bronntanas na sáimhe.

Mo leagan féin den athfhriotal ‘Apology is a lovely perfume; it can transform the clumsiest moment into a gracious gift.’ a chonaic mé anseo.

8 comments:

  1. Admhaím nár thuig mé gan an aistriú. Ach nílim in ann leagan níos fearr a mholadh. Is maith liom an smaoineamh.

    ReplyDelete
  2. Mar a dúirt Aonghus, is dócha go bhfuil an nath sin ró-ghonta. Ní raibh mé in ann bun ná barr a dhéanamh de.

    ReplyDelete
  3. Ná laghdaigh brón le leithscéal.

    ReplyDelete
  4. Is dóigh liom gur chloígh mé iomaraca leis an leagan Béarla seachas leis an teachtaireacht mar sin, a fheara, rud nach ndearna an duine gan ainm - an-iarracht, a chara, agus fáilte isteach!

    ReplyDelete
  5. Ach nach a mhalairt a chuireann a leagan siúd in iúl?

    Ritheann nath liom: Tá grásta san áit a mbíonn náire.

    ReplyDelete
  6. @ Ach nach a mhalairt a chuireann a leagan siúd in iúl?

    B'fhéidir é, agus b'fhéidir gurb é sin a bhí uaidh/uaithi..:-)

    @ Tá grásta san áit a mbíonn náire.

    An-jab, a chara - ach, an ionann 'náire' agus 'aiféala', meas tú?

    ReplyDelete
  7. Ní mise a chum ná a cheap! Ní ionann, ach gan náire ní bhíonn aiféala.
    Iarracht eile:
    Níonn cumhrán iontach na haiféala bronntanas cuanna as míthapa amscaí.

    ReplyDelete
  8. Níl locht agam ar an leagan sin, a Aonghuis, ach an rud a bhíonn uaim, go hiondúil, ná leagan níos giorra a aimsiú, más féidir é, ar chor ar bith.

    @ gan náire ní bhíonn aiféala

    An ceart agat, más náire dháiríre í,is dócha..:-)

    ReplyDelete