Naisc Úsáideacha

Friday, April 27, 2012

Cailín na Gaillimhe?


Tá an geansaí agam, le fada, agus cheannaigh mé an t-uaireadóir i nGaillimh an tseachtain seo caite. 

Ach, tá ceist agam – an féidir cailín, nó fiú girseach, a thabhairt ar bhean mheánaosta?

Giota ceoil daoibh ar maidin, a léitheoirí.

♫♪♫♪♫♫♫♪♫♪...lena gruaig chomh dubh is a súile gorm...♫♪♫

5 comments:

  1. Ceist mhaith.

    Tá focail níos fearr againn ná cailín sa Ghaeilge agus gan aois nasctha leo. Ainnir na Gaillimhe, Stuaire na Gaillimhe, Bé na Gaillimhe, ....

    ReplyDelete
  2. Tá Bé go deas, a fhad is nach gcuireann daoine 'ó' in áit an 'é' - de thimpiste, an dtuigeann sibh..:-)

    ReplyDelete
  3. Níl ganntanas maslaí ar mhná cnuasaithe ag na foclóirí, ach ní dóigh liom go bhfuil bó ina measc

    ReplyDelete
  4. Na mná bochta - meirgíneach, gog-chailleach!

    Agus tarraingíodh na mná bochta isteach i liosta na bhfear chomh maith.

    ReplyDelete