Tá an geansaí agam, le fada, agus cheannaigh mé an t-uaireadóir i nGaillimh an
tseachtain seo caite.
Ach,
tá ceist agam – an féidir cailín, nó fiú girseach, a thabhairt ar bhean
mheánaosta?
Giota ceoil daoibh ar maidin, a léitheoirí.
♫♪♫♪♫♫♫♪♫♪...lena gruaig chomh dubh is a súile gorm...♫♪♫
♫
Ceist mhaith.
ReplyDeleteTá focail níos fearr againn ná cailín sa Ghaeilge agus gan aois nasctha leo. Ainnir na Gaillimhe, Stuaire na Gaillimhe, Bé na Gaillimhe, ....
Nó bruinneall na Gaillimhe?
ReplyDeleteTá Bé go deas, a fhad is nach gcuireann daoine 'ó' in áit an 'é' - de thimpiste, an dtuigeann sibh..:-)
ReplyDeleteNíl ganntanas maslaí ar mhná cnuasaithe ag na foclóirí, ach ní dóigh liom go bhfuil bó ina measc
ReplyDeleteNa mná bochta - meirgíneach, gog-chailleach!
ReplyDeleteAgus tarraingíodh na mná bochta isteach i liosta na bhfear chomh maith.