Is cuimhin liom, agus mé ag scríobh tráchtas céime i 2007, gur bhraith mé, go mór, ar chuidiú ó dhaoine eile, nuair a bhí eolas, nó comhairle, ag teastáil uaim.
Murach treoir agus tacaíocht na ndaoine sin, ní éireodh liom an obair chríochnúil a rinne mé a dhéanamh, agus beidh mé buíoch de na daoine sin, go brách agus go deo.
Aréir, agus mé ar Twitter, thug mé faoi deara gur scríobh Seán Bán Breathnach go bhfuil a iníon, Léan, ina mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Is bean í atá ‘i mbun tionscnamh socheolaíochta bunaithe ar Ghréasán Sóisialta agus an Ghaeilge’, agus tá aischothú uaithi, a chairde.
Chuidigh mise léi aréir, agus líon mé isteach an suirbhé atá aici anseo, suirbhé atá curtha le chéile aici le heolas a bhailiú dá céim. Bhí sé líonta isteach agam i gcúpla nóiméad.
Tá deis agatsa anois, a léitheoir, cuidiú a thabhairt di, agus an suirbhé a líonadh isteach chomh maith, mura miste leat, ag an nasc aibhsithe i ngorm agam sa pharagraf thuas.
Níl aon aithne phearsanta agam ar Léan, ach is ar scáth a chéile…
déanta.
ReplyDeleteagus déanta.
ReplyDeleteDéanta.
ReplyDeleteDéanta. Maith thú as cuidiú léi!
ReplyDeleteNár laga bhur gCé sibh!
ReplyDeletedéanta agam freisin. Is béarlóir mé ar an ríomhaire, is cosúil!
ReplyDelete