Mar is eol daoibh, is aoibhinn liomsa nuair a éiríonn go maith le daoine a théann sa seans, go háirithe nuair a éiríonn go maith leis na daoine sin, fiú agus an saol agus a mháthair ag caitheamh anuas ar a n-iarrachtaí.
Tharla sé gur tharraing an cailín seo, Rebecca Black, m’aird ar maidin, agus mé ag léamh alt a scríobh Charlie Brooker in The Guardian. Tá os cionn 60 milliún amas faighte ag amhrán Rebecca, ‘Friday’, ar YouTube, agus d’fhág go leor daoine tráchtanna uafásacha ar an suíomh, tráchtanna a d’fhág an cailín gleoite sin, atá trí bliana déag d’aois, ag caoineadh.
Bhuel, bíodh acu mar thráchtairí! B’fhéidir nach bhfuil liricí an amhráin iontach, ach d’fhág an t-amhrán péist chluaise leis an scríbhneoir seo, agus tá guth sách maith ag Rebecca í féin, bail ón a Cé uirthi.
De thoradh gach rud a tharla di, bhí Rebecca ar The Tonight Show le Jay Leno le déanaí, agus tá sí ag dul cibé airgead a shaothraíonn sí ón amhrán ‘Friday’ a thabhairt do mhuintir na Seapáine, le faoiseamh daonnúil a chur ar fáil dóibh siúd atá i ngátar ó aimsir an tsúnámaí.
Tá 20,000 amas eile déanta ar an amhrán ar YouTube ó thosaigh mé ag scríobh an ailt seo. Níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, agus chuir an scéal seo tús maith le mo sheachtain féin, agus deirim, in ard mo ghutha, ‘roll on Friday!’
Tá súil agam go mbeidh Ellie bheag ar an seó céanna go luath! (Is fiú an update óna a hathair a léamh freisin.)
ReplyDeleteASG!
ReplyDelete