Ó tharla go bhfuair mé corróg nua roinnt seachtainí ó shin, ní raibh mórán eile ar bun agam, idir sin agus anois, ach cleachtadh coisíochta, agus cneasú. Tá an phian imithe, agus tá mo chuid fuinnimh ar an mbealach ar ais, diaidh ar ndiaidh. Is gearr uaim mo sheanléim, shamhlóinn.
Ar aon nós, a fhad is a bhí mé ag cneasú liom, i mo luí nó i mo shuí, gan tada eile a d'fhéadfainn a dhéanamh ceal fuinnimh, bhí am ag mo chuid smaointe bheith ag rútáil trí mo chuid cuimhní cinn. Is iomaí cuimhne a tháinig chun cinn; cuid acu brónach, cuid acu dearfach, cuid acu áthasach, cuid acu diúltach, agus ceann nó dhó a tháinig chun cinn a raibh dearmad glan déanta agam ar an eachtra lenar bhain siad! Ach, is scéalta iad sin do bhlagmhír eile, amach anseo. B'fhéidir.
Blianta ó shin, roinnt blianta sula bhfuair mo dheirfiúr Ciara bás, bhíodh sí ag obair in ionad altranais, áit a mbíodh sí ag tabhairt aire d'othair a bhí gafa ag néaltrú; an galar Alzheimer ach go háirithe, más buan mo chuimhne. Cé nach raibh sí ag obair san ionad altranais le cúpla bliain roimhe, fuair sí cead ón lucht bainistíochta, is dócha, dul ar cuairt ann, dá mba mhian léi. Duine lách a bhí inti agus ní dhearna sí dearmad orthu, fiú agus post nua faighte aici.
Bhí mé thall ar cuairt, uair amháin, agus d'iarr sí orm ar mhaith liom a dhul in éineacht léi chuig an ionad altranais. Ní raibh sí ar ais san ionad le tamall, agus bhí sí ag iarraidh mé a chur in aithne do na haltraí, agus hello a rá le chuile dhuine ann, ag an am céanna. Nuair a shroich muid an áit, chuir sí mé in aithne do na hoibrithe ann, ar dtús, agus ansin shiúlamar isteach sa 'seomra suite' le go mbeadh sí in ann mé a chur in aithne do na clients, mar a thugtar orthu thall.
Duine ar dhuine, le gliondar ina gcuid súl, d'éirigh na clients uilig le barróg a thabhairt do Chiara. Thug mé faoi deara go raibh ainm chuile dhuine acu fós ar eolas aici, cé nach féidir liom a bheith cinnte go raibh cuimhne acusan uilig ar ainm mo dheirféar. Sin néaltrú. Sciobann sé cuimhní. Bhí go leor 'I miss you so much' le cloisteáil uathu, mar sin fhéin.
Bhí bean amháin, bean bheag le meangadh áthais ar a béal, ina seasamh go foighneach, ag fanacht lena deis barróg a thabhairt do Chiara. Nuair a fuair sí a deis bharróige, rug sí greim ar lámha Chiara, bhreathnaigh uirthi le lúcháir, agus dúirt,
'I can't remember who you are, but I know I love you.'
An lorg nach maireann beo beathach sa chuimhne, maireann sé sa chroí. D'fhág Ciara lorg. Chuir mo chuid smaointe é sin i gcuimhne dom. Bhí a fhios ag mo chroí é, cheana féin.
No comments:
Post a Comment