Is in Eanach Mheáin a rugadh agus a tógadh mé, an chéad oileán i gCeantar na nOileán anseo i gConamara, agus táim ag súil go mór leis an ócáid, caithfidh mé a rá.
Beidh an seoladh ar siúl mar chuid d'fhéile 'Ainm Cleite,' féile a tháinig ar an bhfód cúpla bliain ó shin 'mar aitheantas ar scríbhneoirí agus ar fhilí na háite.'Tá forbairt agus caomhnú na teanga agus an chultúir mar chuid de phríomhaidhmeanna Ghlór na nOileán agus tá ríméad orm go mbeidh saothar de mo chuid páirteach i gcur chun cinn na haidhmeanna sin.
Más mian leat cóip chrua den dlúthdhiosa a fháil, is féidir é a cheannach ar líne ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht, nó sna siopá áitiúla anseo i gConamara, Tigh Durkin, Tigh Mhichael Joe, Tigh Rory, nó Tigh Phlunkett.
Más fearr leat cóip leictreonach a cheannach, traic amháin nó an t-albam uilig, is féidir é sin a dhéanamh anseo ar Bandcamp.
No comments:
Post a Comment