Tuesday, January 30, 2024

Féile Pan Cheilteach 2024 - Amhrán Nuachumtha - Na Torthaí

Cé nach raibh mé fhéin in ann a bheith i láthair oíche Sathairn, bhí mé in ann na hamhráin uilig a chloisteáil beo ar Facebook a bhuí le hobair iontach an choiste eagraithe i nGlór Cheatharlach. Más mian libh éisteacht siar leis an gcomórtas amhránaíochta, is féidir éisteacht siar anseo, faoi 'Videos from this Event.' Tosaíonn an chéad amhrán ag an bpointe 30.36 ar an bhfíseán. 

Comhghairdeachas ó chroí le, 

1.  Éabha Breathnach as an gCeathrú Rua i gConamara, a thug léi an chéad áit lena hamhrán álainn "Na Pictiúir ar an mBalla," amhrán a chum agus a chas sí ag Oireachtas na Gaeilge 2021, amhrán faoin gcumha a d'airigh sí agus í ag fágáil a baile den chéad uair (41.08, amhrán uimhir 3); 

2.  leis an ngrúpa Burnchurch (Cill Chainnigh) a tháinig sa dara háit leis an amhrán "Maidin" amhrán a chum Éanna Ó Casaide (ball den ghrúpa/clann,) amhrán a cumadh do cheolchoirm a reáchtáladh an samhradh seo caite in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí (1.46.50, amhrán uimhir 9); 

3.  leis an ngrúpa enCÓRe (Ceatharlach) a tháinig sa tríú háit leis an amhrán "Thuas Seal, Thíos Seal," amhrán a chum Melíosa Breathnach agus Clár Ní Dhuinn (baill den ghrúpa). amhrán faoi dhóchas agus amhrán lán dearfachta - 'níl tuile dá mhéad nach dtránn' téama an amhráin. (2.02.45, amhrán uimhir 11)

Is féile ar leith í an fhéile seo a thugann deis do chuile aoisghrúpa a n-amhrán nuachumtha a chur i láthair ar ardán poiblí. Mar is léir ón bhfíseán a chonaiceamar ar Facebook, cuirtear fáilte roimh chuile chineál stíl amhráin agus ceoil, agus cuireann an banna ceoil tí (faoi stiúir Ollie Hennessy, fear uasal a chuireann an dua air fhéin an tionlacan is fearr a chur ar fáil do chuile iomaitheoir, a labhraíonn leo roimh ré, a chuidíonn leo ar chuile bhealach a fhéadann sé) banna a chuireann tionlacan den scoth ar fáil don amhránaí nó don ghrúpa, más mian leo tionlacan ar an oíche.

Ní thuigim cén fáth nach bhfuil an comórtas seo le cloisteáil beo ar TG4, nó craolta ina hiomláine ar bhealach éigin ag na craoltóirí seirbhíse poiblí. Tá scoth na n-amhrán nuachumtha i nGaeilge ag teacht ar an bhfód chuile bhliain ag an bhféile seo, le 50 bliain anuas. Ní dhíríonn an fhéile ar amhráin ar an sean-nós amháin, ná ar amhráin cheol tíre amháin, mar shampla; bíonn meascán de sheánraí éagsúla le cloisteáil chuile bhliain. 

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le coiste na féile, Ollie, Emma, agus Bríde, a dhéanann obair na gcapall don chomórtas seo ar mhaithe leis na cumadóirí agus na hamhránaithe uilig; do na hurraitheoirí a thacaíonn go fial flaithiúil leis an bhféile seo, agus don lucht taca uilig a chuidíonn ar an stáitse ar an oíche. Murach iad!

Mo bhuíochas, freisin, le Seosamh 'Josie' Mac Donnacha, a chas m'amhrán nuachumtha ag an gcomórtas, "Is Mise Mé Fhéin," (1.53.38, amhrán 10), agus do Raidió na Gaeltachta as na hagallaimh a dhéanann siad le lucht na féile, roimh an bhféile agus ina diaidh. Tá agallaimh déanta agam leo, mar chumadóir, thar na blianta, mar a rinne mé ar  Raidió Fáilte, Raidió na Life agus ar Ruaille Buaille le Colm Ferriter ar Highland Radio. Tá lucht taca na féile ag méadú chuile bhliain. Go raibh céad míle maith agaibh uilig!

Beidh Éabha ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gcomórtas amhránaíochta a bheidh ag siúl ag an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar an 4 Aibreán, agus guím gach rath uirthi - go n-éirí go geal léi!

Is féidir ticéid don ócáid a chur in áirithe anseo, agus is féidir tuilleadh eolais faoi na hócáidí uilig a bheidh ar siúl ag an bhféile idirnáisiúnta a fháil anseo 

No comments: