Monday, January 1, 2024

2024

‘Bhí mé ag éisteacht leo ó bhí mé in ann an t-urlár a shiúl’ a scríobh sé ina théacs chugam, nath cainte nach raibh cloiste cheana agam ach thuig mé, ar an bpointe boise, céard a bhí i gceist aige.

Teach ar bith a mbíonn páistí beaga ag crochadh thart ann, bíonn poll ar an teach sin; i bhfocla eile, cloiseann siad chuile rud. Go deimhin, má tá páiste beag sa seomra leatsa an-chiúin, caithfidh tú a bheith aireach mar tá chuile sheans ann go bhfuil sé a) ina chodladh b) théis theacht ar rud éigin nár cheart a bheith aige, nó c) ag éisteacht, lena chluasa bioraithe, le chuile fhocal as do bhéal.

Duine fásta ar bith nach mbíonn ar a aire faoi na cluasa beaga sin, seans go mbainfear stangadh as nuair a chloisfidh sé (nó sí) an comhrá a bhí acu á athinsint ag an bpáiste, go hiondúil ag am a fheilfeas go maith don pháiste ach nach bhfeilfidh, a bheag ná a mhór, don té a d’inis an scéal ar an gcéad dul síos.

Nuair a scaoiltear cat as an mála, tá an dochar déanta. Ní féidir é a chur ar ais arís. Cuireann athrá a bhail fhéin ar scéal. De réir mar a théann scéal ó bhéal go béal, is minic go gcuirtear píosa leis nó go mbaintear píosa uaidh. Cailltear, scaití, bunadh an scéil.
Go deimhin, is féidir scéal a chumadh as dearcadh, chomh maith céanna, rud a tharlaíonn d’aon turas in amanna, nó go soineanta in amanna eile. Braitheann sé ar nádúr an duine. Ní mar a chéile a chloiseann chuile dhuine an scéal a insítear dóibh, dá bhrí sin, ní mar a chéile an cruth a bhíonn ar an scéal san athrá.

Ar an taobh eile den scéal, tá an cumadóir cruthanta - an té sin atá in ann scéal a athchóiriú le go dtitfidh sé isteach lena theoiricí nó lena thuairim fhéin. Más mian le scéalaí amhras nó faitíos a chruthú, aimseoidh sé na focla cuí len é sin a dhéanamh agus aimseoidh na focla sin an meon a chreidfidh iontu, beag beann ar fhianaise ná ar fhírinne.

Le teacht na bliana nua, ní bheadh aon dochar ann dá mbeadh sé mar rún a’inn uilig na scéalta amhrasacha a chíoradh; agus a bheith barainneach lenár gcuid cainte nuair atá poll ar an teach!

2 comments:

Unknown said...

Labhair go beag is ná habair a dhath.

Lillis Ó Laoire said...

Labhair go beag is ná habair a dhath.