Tuesday, December 19, 2023

Féile Pan Cheilteach 2024 - Preas Eisiúint

Níl ach 18 lá fágtha le haghaidh iarratais do Chomórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2024 atá á reachtáil ag coiste Pan Cheilteach Cheatharlach….agus tá €1,000 le buachaint!

Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ‘24. Ní foláir don amhrán a bheith as Gaeilge agus is gá na focail agus an ceol a bheith nua chumtha.

Cuirtear failte roimh gach sórt amhráin don chomórtas áirithe seo ó stíl traidisiúnta go pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile.  Is leor mp3 an amhráin nó taifead ar fhón cliste ag an bpointe seo – níl gá le taifead proifisiúnta do chéad chéim seo an chomórtais ach is gá d’iarratais a bheith istigh faoi 5i.n. Dé hAoine, 5ú lá de Mhí Eanair 2024. 

Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus cuirfear na hamhráin a roghnófar i láthair ag an gComórtas Náisiúnta beo a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 27ú Eanair 2024 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal de mholtóirí aitheanta ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair. 

Bronnfar duais airgid €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an mbuaiteoir chomh maith leis an deis chun canadh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024 a bheidh ar siúl ón 2ú - 6ú Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán a bheidh roghnaithe ag an gcomórtas náisiúnta in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile roghnaithe ag Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin agus beidh €1,500 maille leis an trófaí dirnáisiúnta le buachaint ansin.  

Mar sin bí ag scríobh agus ag cumadh… níl ach 18 lá fágtha!

Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie. Tuilleadh eolais ó Emma agus Bríde ar 087 2857048, 085 1340047 nó  pancelticcarlow@gmail.com. 

Bí páirteach agus bí istigh!

Is féidir iarratas a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó is féidir dlúthdhiosca a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020.

No comments: