Friday, December 1, 2023

Boghaiséireacht

A Aire, a chara, 

Cén chaoi a bhfuil tú? Táim fhéin go maith, ach táim rud beag trína chéile. Bhí mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, an dtuigeann tú. Bhí mé ann Dé Céadaoin, agus níor fhág mé go dtí maidin Déardaoin.Tá a fhios againn uilig céard a tharla Déardaoin, a Aire. 

Tá an bhean agus na páistí a gortaíodh i mo chuid paidreacha chuile lá beo, ó shin. Tá na laochra, an feighlí linbh agus Caio, a shábháil na páistí beaga eile i mo phaidreacha, freisin. Chuile lá beo. Gnáthdhaoine as an ngnáth. Rinne siad éacht. Mo bhuíochas ó chroí leo. Murach iad...

Sin fáth na blagmhíre seo, a Aire. Tá mé croite tar éis a bheith ag breathnú ar na círéibeacha ar an nuacht. Na gardaí bochta. Na húinéirí siopa bochta. Na turasóirí bochta. Na daoine bochta. Na tuismitheoirí bochta as ar baineadh geit nach beag. Geit ollmhór, go deimhin. Na páistí bochta. Tá sé deacair a leithéidí a mhíniú do pháistí, go háirithe nuair nach bhfuil muid fhéin in ann ciall ná réasún a bhaint as an méid a tharla an lá sin. 

Pé scéal é, a Aire, agus ó tharla 'ciall' agus 'réasún' luaite agam, ba mhaith liom focal nua a chuala mé a roinnt leat, focal a tháinig as béal carad agus í ag éisteacht le duine údarásach sna gardaí ag labhairt faoin méid a tharla; bhí sé, dar léi, 'ag boghaiséireacht.' Seans nach bhfuil an focal sin cloiste agat, a Aire. Ní raibh sé cloiste agamsa, ach an oiread, ach táim den bharúil go dtagann sé ón bhfocal 'boghaisín' - sórt  'beating around the bush' atá i gceist, cheapfainn, nó i bhfocail an fhoclóra a scríobh Dinneen, nuair a bhíonn duine 'ag déanamh boghaisíní,' bíonn siad ag 'dancing in circles.'

Ní bhím i mBaile Átha Cliath go minic, a Aire, ach ba mhaith liom cúpla rud a thug mé faoi deara Dé Céadaoin a roinnt leat. Ní fhaca mé oiread is garda amháin gar den áit ina raibh mé ag fanacht ar Shráid na Danmhairge, ná ar Chearnóg Parnell, ná ar Shráid Parnell, ná ar Shráid Uí Chonaill, ná ar Shráid Anraí agus mé ar mo bhealach i dtreo na siopaí ansin. 

An bhfuil a fhios agat, ach bhí mé i siopa Arnotts an lá sin, creid é nó ná creid? Cheannaigh mé péire 'Happy Socks' ann. Níor rith sé liom, agus mé istigh sa siopa sin ar an gCéadaoin, go gcuirfí drochbhail ar an áit an lá dár gcionn. An fhoireann bhocht. Chuirfinn geall nach raibh éinne acusan ag súil leis an méid a tharla Déardaoin, ach an oiread. 

Ar ndóigh, tuigim go maith nach féidir na nithe neamhghnácha a tharlaíonn go tobann a thuar, a Aire, ach tá na gnáthdhaoine i mBaile Átha Cliath ag labhairt faoina n-imní le fada, mar atá na gardaí. Tá sé thar am stop a chur leis an mboghaiséireacht, agus tús a chur leis an éisteacht agus leis na gníomhartha riachtanacha. Seanfhocal duit, a Aire, ceann atá á léamh agam ar m'fhéilire deisce, ar maidin,

'Ní féidir an ghaoth a athrú, ach is féidir na seolta a athrú.'

Mise le meas,

Áine  

No comments: