Sunday, October 2, 2022

Teanga an Phobail

Blianta ó shin, sula raibh ciall cheannaithe agam, dúirt mé ba chóir duit le bean ar m’aithne, sular lean mé ar aghaidh ag roinnt mo chomhairle léi; comhairle a bhí, go deimhin, ar bheagán taithí. Is cuimhin liom an chaoi ar bhreathnaigh sí orm. Ní breathnú binbeach dímheasúil a bhí ann, mar bhí meathgháire ar a haghaidh; breathnú foighneach fadfhulangach a chonaic mé ina súile.

‘Ar chóir dom?’ a dúirt sí.

Bhí a fhios agam, ag an bpointe sin, gur chóir dom aire a thabhairt do mo ghnóthaí fhéin, agus aire níos fearr a thabhairt do na focla a bhí ag teacht as mo bhéal. Deirtear nach lia duine ná tuairim, ach ní hionann tuairim agus tuiscint.

Cuidíonn taithí le tuiscint.

Ó shin i leith, nuair a mhothaím go bhfuil focla ar nós ba cheart ba chóir réidh le sciorradh ó mo bhéal, déanaim iarracht teacht rompu agus, ina n-áit, focla ar nós b’fhéidir a úsáid, dá gceapfainn go raibh gá le focla. Bíonn amanna ann nuair is binne béal ina thost.

Ó tharla focla goilliúnacha luaite agam, is fiú breathnú ar fhocla ar nós titim agus fall, freisin. Is féidir titim i ngrá (fall in love), ar ndóigh, rud a chuirfeadh go mór le do shaol, seans, a fhad is nach é do ghrá geal fhéin atá tar éis titim i ngrá le duine éigin eile! An méid sin ráite, ní hionann an chaoi a mbaintear úsáid as fall (a) nuair is bean atá i gceist: fallen woman, agus (b) nuair is fear atá i gceist: fallen hero, mar shampla.

Glacaim leis go bhfuil nathanna mar sin thuas ann mar chuid de theanga an phobail, mar atá to commit suicide, abair, ach meas tú ar chóir dúinn, b’fhéidir, bheith níos airdeallaí nó níos cúramaí faoi nathanna atá coitianta ón sean-am? An bhféadfadh sé go mbeadh daoine ann a shamhlódh go raibh coir nó feall nó peaca i gceist nuair a bhaintear úsáid as an bhfocal sin commit? An mbeadh sé níos cineálta nath eile a úsáid, he/she took his/her own life, mar shampla, mar a dhéantar i nGaeilge nuair a deirtear chuir sé/sí lámh ina bhás/bás fhéin?

Nuair a chloisim bean ag rá I fell pregnant, cuireann sé soir mé agus faighim crua é mo bhéal a choinneáil dúnta. Céard a bheadh mícheart le táim ag súil le páiste/I am expecting a baby a rá, a dúirt mé le fear an tí an lá cheana? Mhol sé dom giota a scríobh ar an ábhar. B’fhéidir gur chóir dom é sin a dhéanamh, arsa mise liom fhéin.

*************************************

Foilsíodh leagan den bhlagmhír seo sa Donegal News an mhí seo caite, san fhorlíonadh Gaeilge Súil Thart, forlíonadh ar a bhfuil Seán Mór Ó Daimhín ina eagarthóir. 

No comments: