Thursday, October 27, 2022

Féile Pan Cheilteach 2023

Preas Eisiúint


Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2023 seolta

Tar éis bhriseadh trí bliana de bharr na paindéime, tá sé fógartha ag Glór Cheatharlach go reachtáilfear an Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach arís an bhliain seo chugainn agus cuirfear fáilte roimh iarratais. 

Is comórtas é seo chun amhrán a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ‘23. Ní foláir na hiarratais a bheith as Gaeilge agus is gá na focail maraon leis an gceol a bheith nua chumtha. 


An t-amhrán ‘Mar a Bhíonn’ scríofa ag Áine Durkin agus curtha i láthair ag an amhránaí Gráinne Ní Fhátharta a bhuaigh an comórtas náisiúnta nuair a reachtáileadh é cheana sa bhliain 2020.

Cuirtear fáilte roimh gach stíl amhráin don chomórtas áirithe seo idir amhráin traidisiúnta, pop amhráin, amhráin tíre, rac, snagcheol agus eile. Ní foláir iarratais ar cd nó mp3 a bheith istigh faoi 5i.n. Dé Máirt, 20ú lá de Mhí na Nollag 2022. Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 28ú Eanair 2023 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach.

‘Sé an ceoltóir Ollie Hennessy a bheidh ina stiúrthóir ceoil ar an gcomórtas agus beidh moltóirí aitheanta i láthair chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.

Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas agus bronnfar duais €1,000 agus an trófaí náisiúnta ar an mbuaiteoir chomh maith leis an deis canadh ar son na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn na Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2023 a bheidh ar siúl ón 11ú – 16ú Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán a roghnófar in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin.

Tá sonraí uile an chomórtais agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Ghlór Cheatharlach ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig  pancelticcarlow@gmail.com. Is feidir iarratais a sheoladh go leictreonach nó is féidir dlúthdhioscaí a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020.

No comments: