Thug mé suntas dó, inné, nuair a bhí mé i mbun siopadóireachta in ollmhargadh áitiúil, go bhfuil sé de nós agam súil ghéar a choinneáil ar an 'dáta ar fearr roimhe' nó ar an 'dáta dulta ó mhaith' atá scríofa ar na táirgí éagsúla, sula gceannaím iad.
Is ceist sách achrannach iad na dátaí céanna, muise, agus, dá bhrí sin, cloím leis an dáta is úire, nó leis an dáta is faide anonn, a dhéanann ciall domsa, mar thomhaltóir. Mé fhéin a bheas thíos leis má thógaim an ceann mícheart; mise a bheas tinn, má dhéanaim neamhaird iomlán de mholtaí na saineolaithe bia, nó, níos measa fós, d'fhéadfadh duine éigin eile a bheith go dona tinn, dá dtabharfainn an táirge lofa abhaile chucusan.
Ní féidir an fhreagracht uilig a fhágáil le foireann an tsiopa (ní bhíonn siadsan, ná saoi, gan locht), caithfimid cuid den chúram a ghabháil orainn fhéin, freisin, shílfeá.
Rith an smaoineamh liom, ar maidin, nach bhfuil fiú saineolaithe an domhain ar ghalair neamhchoitianta in ann dátaí cinnte a thabhairt dúinn maidir le dáta éaga an choróinvíris. Dá bhrí sin, caithfear a bheith cúramach, gan an fhreagracht uilig a fhágáil le rialtais ná le saineolaithe, ach ár gcuid a dhéanamh le haire a thabhairt dúinn fhéin agus do dhaoine eile.
Tá dáta úr faighte againn, cé nach bhfuil an dáta is faide anonn ar eolas ag éinne againn, fós.
Go bhfága muid fhéin ár sláinte againn.
No comments:
Post a Comment