Ní mar a chéile aon duine againn.
Nuair a léim cuid de na tráchtanna a fheicim ar na meáin shóisialta, ar nós Facebook agus Twitter, mar shampla, cuireann sé iontas orm go bhfuil daoine ann a leagann méar ar mhéarchlár le trácht nó tuairim éigin a roinnt, go poiblí, amhail is nach dtuigeann siad, nó amhail is gur cuma leo, gur trácht poiblí atá ann.
Léitear an trácht go forleathan, agus téann sé i bhfeidhm ar dhaoine, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Sin é an saol sna meáin shóisialta sin. Caithfear a bheith cúramach, cheapfainn.
Tá chuile sheans ann nach gceapann na tráchtairí céanna go bhfuil drochmhúineadh ná drochmheas ag baint lena dtrácht, mar baineann a dtuairimí lena ndúchas féin, agus ní miste leo iad a roinnt, go fial fairsing, agus go poiblí, bíodh siad ceart nó mícheart. Ar an taobh eile den scéal, b'fhéidir gur 'meas' agus 'múineadh' atá i gceist ag an scríbhneoir lena thrácht, i ngan fhios don léitheoir.
An fhadhb atá ann, ar an drochuair, ná gur féidir le trácht fánach míchúramach dochar a dhéanamh don duine atá goilliúnach, nó ag streachailt leis an saol, abair. Tá a ndúchas, agus a dtuairimí, féin ag na daoine goilliúnacha sin, dar ndóigh. Mar a scríobh mé, ag tús na blagmhíre, ní mar a chéile aon duine againn.
Bíonn gach dearóil íogair, is dócha, nuair a bhriseann an dúchas trí shúile an tráchtaire. Cibé scéal é, bhí smaointe eile ag rith liom, inné, ó tharla mo mhacnamh á dhéanamh agam ar na meáin shóisialta sin.
Ó thosaigh an coróinvíreas ar a thuras domhanda, tá na mílte is na mílte duine maraithe aige, agus tá an víreas lofa marfach sin fós ag taisteal ar fud an domhain, ag scriosadh roimhe; bailte, tíortha agus cine faoina scáil, faraor.
Caithfidh muid a bheith cúramach, agus caithfear cloí leis na srianta a mholtar, sé sin, srian a chur le haon teagmháil shóisialta a chuirfeadh do bheatha, nó beatha aon duine eile, i mbaol.
Sin tús agus deireadh an scéil.
No comments:
Post a Comment