Monday, January 6, 2020

Marian Finucane

Scríobh mé roimhe seo faoi bhás Gerry Ryan agus faoi bhás Gay Byrne, fir a chuaigh i bhfeidhm go mór ar go leor daoine a bhíodh ag éisteacht lena gcláir ar RTÉ, mé féin san áireamh. Ní raibh súil ar bith le bás Gerry, bhí a fhios againn go raibh Gay tinn. Ba mhór a gcaill. 

Cé nár bhain ceachtar acu lenár saol pearsanta, mar a déarfá, b'fhir iad a d'éist le scéalta an phobail, a chuala na fadhbanna, agus a thug ardán don lucht éisteachta, go minic, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile. Agus, labhair siad faoi nithe a bhain lena saol pearsanta féin, sách rialta. Mar sin, bhí aithne de shórt againn orthu, agus ar a gclanna.

Ní raibh a fhios agam a dhath faoi shaol pearsanta Marian Finucane, mar níor labhair sí riamh ar aon cheo a bhain lena saol pearsanta, go bhfios dom. Níor chuala mise aon cheo faoina saol pearsanta, pé scéal é, agus d'éist mé lena cláir uilig, ar feadh mo shaoil. Ní raibh aon aithne phearsanta agam uirthi, ach thaitin sí liom, go mór, mar láithreoir.

Nuair a chuala mé faoina bás tobann, baineadh siar asam. Chuir sé isteach go mór orm go raibh sí imithe uainn. Ní raibh a fhios agam an t-am sin cén fáth, ach bhí a fhios agam go raibh brón ar leith orm faoina caill. Ní raibh mé in ann ciall ná réasún a dhéanamh de na mothúcháin, ach amháin go raibh a fhios agam go raibh seoid ar leith caillte, agus ba mhór agam an chaill sin. 

Ó fuair sí bás, tá go leor cloiste agam faoina saol pearsanta. Agus, mar is ceart, tá ómós tugtha ag a comhghleacaithe agus ag a cairde di, mar atá ag an bpobal lena raibh sí chomh cineálta, cneasta, cuidiúil, agus tuisceanach. Ní gá domsa a thuilleadh a chur leis an méid atá ráite go dtí seo. Ba léir, ón méid a chuala mé, gur láithreoir cumasach a bhí inti. Thuig mé féin an méid sin, ar aon nós, ó bheith ag éisteacht léi, thar na blianta.  

Ach, tuigim anois cén fáth a ndeachaigh a caill go smior ionam - is cuma cén t-ábhar a bhíodh faoi chaibidil aici, nó cén duine a bhíodh faoi agallamh aici, níor léir dom, riamh, a tuairim féin; bhíodh sí féaráilte, cothrom, gan chlaonadh, gan bhreithiúnas. 

Ní bheidh a leithéid arís ann. 

No comments: