Is cuimhin liom an chéad uair riamh ar labhair mé leis. 2008 a bhí ann, ag Éigse an Spidéil.
Ba é an chéad uair agam seasamh ar ardán, agus dán a aithris, go poiblí. Bhí mé chomh neirbhíseach sin go raibh mo dhá ghlúin ar creathadh, taobh thiar den phóidiam. Bhí mé cinnte go raibh chuile dhuine san áit in ann cliceáil mo chnámha a chloisteáil, agus bhí mé ag tabhairt amach do mo chiall toisc gur fhág sí mé, agus toisc gur lig sí dom greim a fháil ar an maidhc oscailte sa chéad áit.
Ach, d'aithris mé dán nó dhó. Ceapaim. Ar mo bhealach ar ais chuig mo shuíochán, chonaic mé Joe Steve ag teacht i mo threo. Labhair sé liom. Thug an fear uasal álainn sin ugach dom, agus ní dhéanfaidh mé dearmad, go brách, ar a chineáltas, an oíche sin, ag Éigse an Spidéil. Murach é...
Thar na blianta, casadh Joe orm anseo is ansiúd, ag an Oireachtas den chuid is mó; a bhean, Máirín, lena thaobh, i gcónaí. Barróg, beannacht, comhrá gairid, agus bheadh mo mheanman agus mo chroí ardaithe aige. Bhí bealach ar leith leis.
Bhí an-mheas agam air, mar dhuine, mar scríbhneoir. Nuair a d'iarr mé air an mbeadh sé sásta mo leabhar a sheoladh dom, chuir sé a anam agus a chroí isteach ann. B'in Joe Steve. Fear cuidiúil, fear tacúil.
Bhuail mé isteach chuige, tráthnóna amháin, arú anuraidh, ar mo bhealach siar abhaile go Conamara, as Inis Eoghain. Bhí sé ag teacht chuige féin, ó bhabhta tinnis (a shaothar 'Mar a bhí ar dTús: Cuimhne Seanghasúir' díreach críochnaithe aige, agus tús curtha aige le cnuasach nua gearrscéalta) ach, fós, bhí am aige don chuairteoir-gan-choinne. Fear suimiúil, fear báúil. Thuig sé tábhacht an duine, an dúchais, an dúlra. Agus, bhí an-ghrá aige dá mhuintir, dá theaghlach, dá chomharsan, dá chairde.
Mo chomhbhrón ó chroí lena bhean Máirín, lena bpáistí, Luisne, Aisling agus Páid agus a gclanna, lena gcairde, lena gcomharsana.
Slán leat, a chara. Aireoidh muid uainn thú. Ní dhéanfar dearmad ort, go brách.
No comments:
Post a Comment