Ach, beidh sé ag teacht i mbliana!
Bhuel, ahem, ní fhaca mé a liosta, ach bhíomar an-mhaith, creidim.
Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, thosaigh mé féin agus é féin, cúpla lá ó shin, ag déanamh réidh don oíche mhór.
Tá soilse agus maisiúcháin ar fud an tí, crann Nollag nó dhó nó trí (cé gur scríobhamar, sa litir chuig Santaí, gurb é an crann sa seomra suite an príomhchrann, ar fhaitíos go mbeadh aon dul amú ar an bhfear bocht, agus é faoi thionchar an óil bhrú ama Oíche Nollag), agus ní dhearnamar dearmad de na traidisiúin eile, ach an oiread.
Is dócha go ndeachaigh muid, ahem, rúinín thar fóir, mar níl aon seomra sa teach nach bhfuil maisithe, agus, ní dóigh liom go bhfuil stáisiún spáis sa spéir nach mbeadh in ann an teach seo a aimsiú (gan trácht ar Shantaí!) mar go bhfuil an oiread sin soilse crochta aige féin, taobh amuigh.
''Have we overdone it a bit, I wonder?''
...arsa mé féin leis féin, inné. Ní ceist a bhí ann, i ndáiríre, a léitheoirí, ach, ahem, barúil, b'fhéidir. Bhreathnaígh fear deisbhéalach an tí seo díreach idir an dá shúil orm, agus dúirt,
''Sure, aren't we martyrs to The Claus!''
Tuigeann Santaí ár gcás. Táim ag súil go mór lena chuairt.
2 comments:
An-spraoíúl, deisbhéalach, teolaí - sárbhlag!
Grma!
Post a Comment