Thursday, February 14, 2019

Lá Fhéile Vailintín


Tá a fhios agam go bhfuilim mall ag teacht chugaibh le mo bheannacht, inniu, a léitheoirí, ach tá súil agam go raibh lá álainn agaibh, agus go mbeidh oíche, ahem, chroíúil ghrámhar agaibh, anocht. Mar a scríobh Míshásta ar a bhlag féin, tráth den saol, go raibh saigheada Chúipid 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo,' más é sin bhur mian, agus bhur gcreideamh.

Tá tuilleadh le léamh thall ar bhlag Róislín maidir le Feabhra na bhFéilte agus na bhFeiseanna anseo, agus tuilleadh uaithi maidir le téarmaí, i nGaeilge, a bhaineann le grá, anseo

Le cothrom na Féinne a thabhairt do na fir, seo blagmhír a scríobh Scott de Buitléir ar an ábhar, don ardán ar líne, Meon Eile, roinnt blianta ó shin; blagmhír eile ó Aonghus Ó hAlmhain anseo; agus bhlagmhír eile ó Dennis King, maidir leis an gcroí atá bunoscionn, anseo.  

1 comment:

Mise Áine said...

Dán don lá...

Mo Ghrá,


is tú
mo dhán:

an lán
i mo stad

an tsábháil
i mo shlad

an cara
i mo chúirt

an sólás
i mo bhuairt

an dian
i mo chúram

an lia
i mo thuairim,

an laghad
i mo locht

an saibhreas
i mo bhocht

an preabadh
i m’ucht

an maisiúchán
ar mo nocht

sin tusa,
mo ghrá.

© Áine Durkin