Friday, November 2, 2018

Oireachtas na Samhna 2018 - Déardaoin

Bhí mé sách deireanach ag leaindeáil anseo i gCill Airne, mar sin chaill mé imeachtaí na Céadaoin (comhghairdeachas ó chroí libh uilig a bhain duais ag Ócáid Bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais); agus chaill mé imeachtaí na maidine, inné, faraor. 

aip an Oireachtais agam ar m'fhón póca, agus bhí na himeachtaí agus comórtais a bhí uaim a fheiceáil/a chloisteáil roghnaithe agam ar 'Mo Chlár' roimh ré, ach cheannaigh mé Clár na Féile, freisin, mar is maith liom nótaí srl., a bhreacadh síos ann. Bhuel, is maith liom cóip den leabhrán a bheith agam, chuile bhliain, le go mbeidh deis agam breathnú siar orthu, sna blianta amach romham. 

Ar ndóigh, bíonn imeachtaí ag teacht salach ar a chéile, agus ní féidir chuile thrá a fhreastal, ach d'éirigh liom bheith i láthair ag Seoladh an Phríomhbhailiúcháin Lámhscríbhinní ar Dúchas.ie (áis iontach); ag Seoladh Aip Molscéal (aip iontach); ag Comórtas 25: Dreas Cainte (daoine fásta) comórtas a bhuaigh Áine Ní Bhreisleáin (bean chumasach); ag an Dráma 'Creideamh agus Crá Croí,' dráma atá 'bunaithe ar shleachta as saothar le James Joyce' ... bhí Eoin Ó Dubhghaill agus Fionnuala Flaherty thar barr; agus, ag deireadh na hoíche, ag an 'Comórtas Beo' ina dhiaidh sin, ag éisteacht leis na daoine óga iontacha ag casadh na n-amhrán 'Nuachumtha Gaeilge' a scríobh siad. 

Bhí an comórtas le feiceáil beo ar YouTube TG4, mar sin, nuair a bhuail tuirse an tseanbhean seo, bhí mé in ann breathnú ar na torthaí ar mo ríomhaire. ar mo shuaimhneas, i mo sheomra. 

An-lá go deo. Tuilleadh uaim faoi na hócáidí éagsúla amach anseo. Lá eile romham inniu...agus comórtas ina mbeidh mé féin páirteach, ag gabháil fhoinn, rud nach ndearna mé riamh roimhe. Ah bhuel, is léir nach dtagann ciall le haois...



No comments: