Friday, March 9, 2018

Comórtas Náisiúnta Amhrán Pan Cheilteach 2018

Mar a fheicfidh sibh ó na blagmhíreanna anseo, tá sé de nós agam amhrán a scríobh, ó am go chéile, agus, ó am go chéile, le blianta beaga anuas, seolaim m'iarrachtaí chuig an bhFéile Pan Cheilteach i gCeatharlach, don chomórtas náisiúnta amhrán a bhíonn á reáchtáil acu, chuile bhliain. 

Anois is arís, éiríonn le hamhrán liom a bhealach a dhéanamh go dtí an babhta ceannais, rud a tharla arís i mbliana, mar sin tá m'amhrán nua, Grá Faoi Bhláth, san iomaíocht, le hocht n-amhrán déag eile, san oíche amárach, in óstán na Seven Oaks, i gCeatharlach, ag tosú ag a 7:00 i.n. 

Lisa Butler, lena grúpa Caladh Nua, a bheas á chasadh dom, agus táim fíorbhuíoch díobh. 

Faigheann amhrán beatha nuair a chastar é, go háirithe nuair a chuireann amhránaí/grúpa croí agus anam isteach san amhrán sin. Táim ag súil go mór leis na hamhráin uilig a chloisteáil, mar beidh beatha á tabhairt do go leor amhrán nua Gaeilge ag an bhféile, agus ardaíonn sé sin mo chroí féin. 

Murach obair na gcoistí, agus tacaíocht na n-urraitheoirí (Glór Ceatharlach, IMRO, Foras na Gaeilge, Gael Linn, Bliain na Gaeilge 2018, An tOireachtas), ní bheadh an deis seo againne, na cumadóirí, na ceoltóirí, agus na hamhránaithe, beatha a thabhairt d'amhrán nuachumtha i nGaeilge...go raibh céad míle maith agaibh! 

Fógraíodh an gearrliosta ar chlár Mháirtín Tom Sheáinín, Ardtráthnóna, an mhí seo caite, agus is féidir éisteacht le Bríde de Róiste anseo, más mian libh liosta na n-iomaitheoirí uilig a chloisteáil, ón bpodchraoladh, ar Raidió na Gaeltachta

Go n-éirí go geal leis na hiomaitheoirí uilig...feicfidh mé ann sibh, a chairde! 

No comments: