Wednesday, July 26, 2017

Nathanna Cainte

Chaithfeadh sé go raibh sé ráite agam, míle uair, leis An Mháistreás, le seachtain nó dhó anuas, go raibh sé i gceist agam dul i ngleic leis an bpáipéarachas i m'oifig, rud nach ndearna mé, agus rud nach raibh déanta agam, faoin am ar ghlaoigh sí orm, inné.

'Bhfuil tú ag dul ag leagan ar an seomra sin, inniu?' ar sí.

Ar ndóigh, bhí sé i gceist agam díriú ar an bhfadhb, roimhe seo. Bhí gá leis, an dtuigeann sibh. Le roinnt seachtainí anuas, ní raibh mé in ann mo lámh a leagan ar pheann ná ar pháipéar ar an deasc i m'oifig, bhí sé chomh trína chéile sin. 

Gan a thuilleadh moille, nuair a bhí ár gcomhrá críochnaithe againn, leag mé uaim an fón, agus ní dheachaigh mé ar chúl scéithe maidir leis an gceist, níos mó, ach thug mé faoin bhfadhb, ceann ar aghaidh, ar luas lasrach, mar a bheadh tine ar mo chraiceann. 

Ar ndóigh, níl an jab críochnaithe agam fós. Cuirim an locht ar, ahem, An Mháistreás. Bhí an focal sin 'leagan' ag dul timpeall i mo chloigeann, ar feadh an ama, agus tá a fhios ag gach uile mhac máthair a léann an blag seo, nuair a bhíonn focal ag cur tochas ar mo mheabhair, bíonn gá le, ahem, scríob(h).

Pé scéal é, tá neart leaganacha le fáil ar foclóir.ie anseo, más mian libh leagan súl a thabhairt orthu. Ní hé go bhfuilim ag iarraidh béim a leagan ar na leaganacha cainte uilig atá ar an suíomh, ach creidim féin go bhfuil siad leagtha amach go breá soiléir acu. Bainigí taitneamh astu, a chairde, agus mura mbaineann, beidh oraibh an mhéar fhliuch a leagan ar dhuine éigin eile, seachas mise.

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht

Nuair nach bhfuil muid ag leagan pingine isteach, bíonn muid ag leagan pingine amach. (Caitheamh) 

Clann a thóigeas is clann a thóigeas leagan. (Clann) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal. (Fírinne) 

Ní dochar thú a leagan mara ngortaítear thú. (Misneach) 

An té atá lag is furasta a leagan. (Neart) 


No comments: