Monday, July 10, 2017

An Smaointeoir Cearnógach

Beidh a fhios agaibhse a léann mo bhlag go rialta, gur scríobh mé faoi dháileoirí na lipéad, cheana. Níl sa bhlagmhír seo uaim ach tuilleadh smaointe ar an ábhar; smaointe a rith liom aréir, ar mo bhealach abhaile ón mbiongó. 

Thug mé faoi deara, thar na blianta, go gcuireann mo chuid biongóála ionadh ar go leor daoine, nuair a chloiseann siad, den chéad uair, go mbím á imirt. Ar chúis éigin, ní thuigeann siad ó thalamh an domhain céard a thabharfadh mo 'mhacasamhail' ag an mbiongó.   

Ach, céard is dual do mo 'leithéidí,' meas tú, nó do 'mhacasamhail' aon duine eile? 

Céard a chuireann tuairim nó barúil i gcloigeann duine amháin faoi na mianta atá/ba chóir a bheith i gcloigeann duine eile?  Aois? Aicme? Inscne? Creideamh? Jab? Páirtí? Tuismitheoir?  

Is deacair a rá, ach cuirtear daoine i mboscaí cearnógacha, feictear dom, fiú mura mbíonn smaointe cearnógacha acu uilig. Tá daoine ann a dtéann a gcuid smaointe i ngach slí. Tá siad 'oscailte' mar a déarfá. Níl cúinne ar leith in ann dá leithéidí.    

Samhlaigh go bhfuil boscaí ag an smaointeoir cearnógach, agus samhlaigh na lipéid atá ar na boscaí sin. Is iontu a chuirtear chuile dhuine. Fiú má chaitear na daoine a bhrú isteach sna boscaí, in aghaidh a nádúir agus in éadan a dtola, is ann a chuireann an smaointeoir cearnógach an rud atá 'ceart' agus 'cóir' agus 'gnách' agus 'coitianta.'

Déanann an toise céanna gach duine, shílfeá, i dtuairim an smaointeora chearnógaigh. Chuirfeadh, agus cuireann, sé iontas orthu aon duine a fheiceáil taobh amuigh de na boscaí sin. Is iomaí duine sáinnithe acu. 

Cén fáth a mbíonn siad mar sin, meas tú? Aois? Aicme? Inscne? Creideamh? Jab? Páirtí? Tuismitheoir? 

Is deacair a rá, ach tá a macasamhail ann.                                                                                                                                                  

No comments: