Tuesday, May 16, 2017

Amhráin do Pháistí

Nuair a thagaim ar leabhar do pháistí a thaitníonn liom, go háirithe má tá ceol le cloisteáil uaidh, (mar atá ón leabhar sa phictiúr thuas), tá sé de nós agam an leabhar a cheannacht, agus mo leagan Gaeilge fhéin den amhrán a chasadh, mura bhfuil fáil agam ar leagan eile Gaeilge den amhrán, áit éigin eile. 

Seo thíos an leagan Gaeilge a chasaim leis an leabhar thuas, mar shampla,

    'Seol, seol, seol do bhád, 
   Ar fharraige an tsaoil,
   Seolfaidh muid, ceolfaidh muid, is beidh muid ag spraoi,
   Go bhfille muid arís' 

Ar ndóigh, is féidir an fhoirm tháite den bhriathar a úsáid, chomh maith céanna...seolfaimid, ceolfaimid, beimid, fillimid...bainim fhéin úsáid as an bhfoirm a thagann go nádúrtha chugam, agus mé ag gabháil fhoinn. Agus, mura bhfuil ciall le focail an amhráin pháistiúil a chumaim, ní bhím róbhuartha faoi, agus ní bheidh, go bhfeice mé bó ag léim thar an ngealach. 

Tá neart leabhar do pháistí, le hamhráin i nGaeilge, le fáil anois, mar atá Gugalaí Gug agus Bliain na nAmhrán, mar shampla. Má tá aon leabhar eile, mar iad, le moladh agaibh, a léitheoirí, bheinn buíoch as bhur moltaí a fháil, le bhur dtoil. ♫  

1 comment:

Mise Áine said...

A bhui le @aonghusoha ar Twitter:

http://www.eabhloid.com/siopa/ici-pici (@fothalamh ar Twitter)

http://tusmaithocd.ie/resources/ (@OidhreachtCD ar Twitter)

http://www.futafata.ie/cds (@futafata ar Twitter)

https://www.schoolbooks.ie/21859-An+Bealach+Runda+-+Leabhar+agus+CD+An+Gum+School+Book
(@AnGumFnaG ar Twitter)