Friday, January 13, 2017

Na Céard Faochain

Tá chuile sheans ann gur chuala sibh an cheist seo curtha go minic, ar an raidío nó i dtráchtanna idirlín, b'fhéidir, an cheist a thosaíonn leis na focail 'Céard faoi na.../Céard faoin..?'  

Is dócha gur 'whatabouter' an leagan Béarla a bheadh ag Béarlóirí ar an rud atá i gceist agam, ach is 'Na Céard Faochain' a thugaim féin ar na daoine sin a tharraingíonn na focail sin isteach in agallamh/argóint; mura bhfuil bealach sásúil eile acu an fód a sheasamh ar son a gcuid tuairimí, mura bhfuil fonn orthu bogadh óna mbarúlacha, nó mura bhfuil fonn orthu éisteacht le tuairimí daoine eile, déanann siad díreach mar a dhéanann faochain, cuireann siad cos i dtaca ar an gcloch (is mó ar a bpaidrín).

Ar ndóigh, tá an ceart sin acu, ach ní bheinn róchinnte nach dtagann rian de 'Godwin's Law' isteach san argóint, faoin am sin, agus, go minic, ní fiú an tairbhe an trioblóid barúil nó tuairim a phlé leis an té nach bhfuil sásta orlach a ghéilleadh; bíodh tusa, nó iadsan, ceart nó mícheart. 

Seanfhocal nó dhó daoibh, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, a léitheoirí,

Ní liachta duine ná barúil.  (Comharsa)

Barúil fhir chríonna, is í is gaire don fhírinne.  (Críonnacht) 

Tá port maith ag an mbalbhán.  (Tost) 

Bíonn an dá leagan ar gach scéal.  (Fírinne) 

Ar theacht na bhfocal borb, is binn béal iata.  (Fearg) 

2 comments:

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Godwin's law - níor chuala mé an téarma sin ariamh, a Áine, ach féadaim a rá go bhfuil sé tugtha faoi deara agam go minic. Súil agam go bhfuil an saol ag caitheamh go maith leat.

Mise Áine said...

Bíonn mé fhéin ag foghlaim téarmaí nua de shíor, a chara!

Tá rotha mór an tsaoil ag casadh leis..:-)