Thursday, November 3, 2016

An Chúirt Filíochta - Oireachtas na Samhna 2016

Cé nach mbeidh mé féin ann, faraor, ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go mbeidh An Chúirt Filíochta ar siúl arís i mbliana, ag Oireachtas na Samhna in Óstán an Gleneagle i gCill Airne, ar an Satharn beag seo, 5 Samhain, ag 1:00 san iarnón. 

Deasghnátha na Cúirte faighte agam, ó mo chara, Proinsias Mac a'Bhaird, eagraí agus, ahem, 'Sirriam Drochghníomhach' na cúirte, agus tá siad á roinnt agam libh, thíos, le deis a thabhairt daoibh iad a fhoghlaim go, ahem, glanmheabhair, sula rachaidh sibh in aice na cúirte. 

Tuilleadh eolais uaim faoin gcraic uilig a bhain leis an ócáid seo, le roinnt blianta anuas, le léamh anseo.

Bainígí sult as an ócáid, a chairde...aireoidh mé uaim sibh! 

Deasghnátha na Cúirte

Ní léifidh aon fhinné níos mó ná dhá dhán mar fhianaise, ach bíodh an tríú ceann réidh aici/aige ar eagla nach mbeidh rannpháirtíocht shásúil ó fhilí sásúla i láthair lá na Cúirte.

Ní gá don fhinné cloí le téama na Cúirte agus ní gá don fhinné dán dá c(h)uid féin a aithris ach iarrtar ar gach finné a bheith gléasta go snasta agus labhairt os ard.

Is nós don ghiúiré bualadh bos a thabhairt d’fhinné nuair a bheidh fianaise tugtha aige nó aici. Ní nós bualadh bos a thabhairt agus an finné i lár aithrise [ach amháin sa chás go maslaíonn sé/sí aire rialtais ar bhealach nuálach turgnamhach]. Fágtar faoi dhiscréid oifigigh na Cúirte é cé acu an dtabharfaí bualadh bos d’fhinné sula dtosaíonn sé/sí ag léamh!

Seachnaítear an caoineadh agus an t-olagón ach amháin sa chás go mbíonn tubaiste mhór náisiúnta nó pearsanta ann maidin na Cúirte. Beidh sé de dhualgas ar oifigigh na Cúirte sainmhíniú a dhéanamh ar cad is tubaiste ann. Ní aireofar Brexit, réiteoirí peile sa Ghaeltacht ná Tithe Tábhairne Chorcaí ina dtubaistí náisiúnta nó pearsanta.

Má théann finné ar bith ar aghaidh ró-fhada lena c(h)uid fianaise, bronnfar fadfhíseán d’óráidí Donald Trump air/uirthi.

Ceadaítear éirí in airde, éirí ar tháblaí agus éirí amach ach ní cheadaítear éirí suas ar bhaill eile den ghiúiré [a fhad is atá gnó na Cúirte ar siúl].

Beidh sé de chead ag an ghiúiré finné a cheistiú. Muna bhfaightear freagra sásúil, beidh cead ag an ghiúiré cathaoireacha a chaitheamh ar an fhinné.

Taispeántar an meas is dual d’oifigigh na Cúirte, agus beannaítear go cuirtéiseach leo. Tá cead ag finné deoch mheisciúil a cheannach d’aon oifigeach roimh, i rith agus leoga i ndiaidh imeachtaí na Cúirte agus ní fhéachfar ar seo mar bhreab. Ní gá d’oifigigh na Cúirte a bheith cáilithe in aon rud fónta, ach is gá dóibh a bheith beo agus fá scread asail de láthair na Cúirte.


Tá cead ag finné a c(h)uid fianaise a chanadh, ach ní mór glór ceolmhar binn a bheith aige/aici. Beidh sé de chead ag an ghiúiré tuilleadh rialacha a chur leis an liosta seo agus nósanna nua a bhunú gan choinne.

No comments: