Friday, April 1, 2016

Straois na nGael

Léigh mé, le déanaí, a bhuí le Maitiú Ó Coimín, ar tuairisc.ie, go bhfuil straoiseoga nua ar an mbealach chugainn - cinn nach ionann iad agus na cinn atá ar mo mhéarchlársa, i láthair na huaire, pé scéal é.

Is cosúil go ndearnadh uasdátú ar chóras na straoiseog, anuraidh, i ngan fhios domsa, agus gur féidir, anois, an dath atá ar chraiceann na straoiseoige a athrú - más mian le duine a leithéid a dhéanamh, ar ndóigh. Is dea-scéal atá ann, i mo thuairim féin, mar táim tinn tuirseach den dath buí sin.

Agus, dea-scéal sa mhullach ar dhea-scéal eile, léim go bhfuil moltaí eile beartaithe ag Unicode. Dar leis an Fear Feasach Fiosúil (is fearr gan 'F'er a thabhairt air, mura miste libh) ina alt, beidh ‘rogha gnéis agus treorach’ againn, má éiríonn leis na moltaí nua-aimseartha atá ar na bacáin; uasdátú eile a bheas ann a ligfeadh do dhaoine dath na gruaige a athrú - ar an straoiseog, an dtuigeann sibh, chan oraibh féin. Uasdátú de shaghas eile a theastódh, cheapfainn, dá mba rud é go raibh tú ag iarraidh do chruth féin a athrú. Ach, sin scéal eile. 

Bhuel, is léir go bhfuil saol na straoiseog ag athrú, gan dabht ar bith. Ar maidin, céard a chonaic mé ar mo nuacht idirlín ach go bhfuil moltaí eile beartaithe a ligfeadh do dhaoine ‘a rogha teanga’ a chur in iúl ar a gcuid straoiseog. Creid é nó ná creid, nuair a bheas do ghruaigdhath, do chneasdhath, do thuarceathadath roghnaithe agat, is féidir leat do Ghaelachas a chur in iúl, ach síneadh fada a chur os cionn na straoiseoige.

Anois, sula dtosóidh sibh ag clamhsán, chuir mé ríomhphost mímhuiníneach chucu cheana féin, maidin inniu, maidir leis an gcosúlacht/éideimhne a bheadh ann idir an síneadh fada Gaelach agus, mar shampla, e-acute’eanna na dteangacha eile. 

Dar leo, ina bhfreagra amhrasach, beidh caipíní ar fáil do na dreamanna eile (beret ar an bhFrancach, mar shampla), ach is ag na Gaeil amháin a bheas an síneadh fada.  Ádh, agus síneadh fada, na nGael orainn…wúhúúúúúúú!

Má tá aon údar gearáin agaibh faoin gcraic seo uilig, éist liomsa, agus scríobhaigí féin chucu ag ansíneadhfadagaelach@amadáin.aibreáin.ie

Go n-éirí go gealt libh! 

No comments: