Thursday, December 31, 2015

Bliain Nua Eile

Is gearr uainn í, a léitheoirí...bliain úr eile. 

Ach, tá a fhios agam go bhfuil a fhios agaibh féin an méid sin...tá sibh cliste, agus ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in bhur saol féin, agus sa saol i gcoitinne, bail ó bhur ndéithe oraibh; mar sin ní gá domsa labhairt anseo faoin mbliain a chuaigh thart, ná faoin mbliain atá le teacht. 

Tá 'súil siar' nó dhó le léamh ar tuairisc.ie, ach más mian libh súil in athuair a chaitheamh ar mo rámhaillí féin, tá giotaí scríofa agam, roimhe seo, faoi rúin na bliana nua, anseo agus anseo; nath cainte nó dhó a rith liom faoin am seo den bhliain le léamh anseo, agus mo smaointe, ón am seo anuraidh, le léamh anseo

Ar aon nós, cibé rud a dhéanfaidh sibh sa bhliain nua, a léitheoirí, tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an taithí. Níl againn ach seal...go raibh sé faoi mhaise daoibh an bhliain úr seo chugainn, a chairde. 

2 comments:

John M O Donoghue said...

A Áine, a chara dílis, go raibh maith agat as do ramhaillí go léir sa bhlian 2015, ar bhain me sult astu.Ta súil agam go mbeidh blian úr faoi mhaise agat agus do chlann sa bhlian 2016.

Mise Áine said...

Go raibh míle maith agat, a John! Áthas orm go mbaineann tú sult mo chuid rámhailli, agus tá súil agam bheith ar ais ar an mblag seo, go rialta, go luath. Cúram an tsaoil do mo choinneáil gnóthach, i láthair na huaire, ach is gearr uaim m'am fhéin..:-)

Go raibh 2016 faoi mhaise agus faoi shuaimhneas agat fhéin, a chara!