Wednesday, September 16, 2015

Teachtaireacht Chuig An Spás Amuigh

A Neach Neamhshaolta, a chara, (tá súil agam!)

Léigh mé scéal go mb’fhéidir go bhfuil seans ann go bhfuil tú ag coinneáil súile orainn anseo ar An Domhan agus, mar gheall air sin, (nó ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil baol ann go mbeadh fonn ort aithne amhrasach a chur orainn, le go mbeidh tú in ann tuiscint a fháil ar ár bhféiniúlacht) tá comórtas á reáchtáil – An Tionscnamh Um Sheoladh na Teachtaireachta Tobréitigh (TUSTT, fuaimnithe mar ‘tost’) -  le deis a thabhairt dúinne, na neacha saolta, tusa a chur ar an eolas fúinne, agus faoinár nósanna domhanda.

Cá dtosóidh mé!? Bhuel, ó tharla go bhfuil tú in ainm is a bheith níos cliste ná muid féin, ní bheidh deacracht dá laghad agat Gaeilge na teachtaireachta seo a thuiscint; cé go bhfuil go leor daoine sa tír seo agus níl Gaeilge acu, na créatúir, ach sin scéal nach féidir liom a mhíniú, mar nach dtuigim féin é, go deimhin. An méid sin ráite, is iomaí teangacha éagsúla atá le cloisteáil ar fud an domhain, agus níl ag formhór na ndaoine ach teanga amháin; a dteanga dhúchais, go hiondúil.

Céard is dúchas ann? Bhuel, sin an rud a thugann féiniúlacht don neach saolta. Mar gheall air sin, is Gael mise, mar shampla, mar gur rugadh in Éirinn mé, agus labhraím Gaeilge, mo theanga dhúchais; cé go bhfuiltear ann a cheapann gur Béarla ár dteanga dhúchais, creid é nó ná creid. Níl a fhios agam cá ndeachaigh féiniúlacht na ndaoine sin, ach tá an domhan seo mór, dúinne ar aon nós, agus tá sé éasca dul amú ann, faraor.   

Is tír bheag í Éire, i gcomparáid le tíortha móra eile an domhain. Má tá teileascóp agat, agus táim cinnte go bhfuil, ó tharla tú i bhfad chun cinn orainne, seans, aithneoidh tú muid ón gcruth madrúil atá ar an tír, tírín atá le feiceáil i lár an Atlantaigh Thuaidh. Más féidir leat muid a aimsiú san fharraige mhór sin, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an chuma ar an madra bocht sin go bhfuil sé ag rith ó na Sasanaigh ar a chúl, lena dhá lapa sínte i dtreo Mheiriceá Thuaidh, mar a bheadh muid ag impí ar an tír mhór sin muid a shábháil. Sin muide.

Ó tharla mé ag scríobh faoi impí, agus faoi thíortha ag sábháil daoine ó thíortha eile, tá an domhan seo bun os cionn, i láthair na huaire. Tá neacha saolta, daoine bochta brúite, atá cráite ag cogaí ina dtíortha féin, ag impí ar thíortha síochánta, tíortha atá go maith as, iad a shábháil óna gcruachás, agus ní chreidfeá na bacanna atá cuid de na tíortha sin ag cur rompu, na créatúir chráite. Go deimhin, níl an tír seo thar moladh beirte, ach an oiread!

Anois, ó tharla mé ag tagairt do pháipéarachas, sin rud atá deacair a mhíniú, freisin, mar nach bhfuil ciall ná réasún leis, go minic. Feictear dom go bhfuil dearmad iomlán glan déanta ag go leor polaiteoirí agus daoine, ar fud na cruinne, ar an ní saolta daonna sin ar a dtugtar ‘trócaire.’ Ní féidir trócaire a mhíniú, ach oiread, mura bhfuil sí agat go nádúrtha. B’fhéidir go bhfuil nádúr an neach saolta anseo ag athrú. Nach mór an trua é sin.

An bhfuil a fhios agat céard é féin, a neach neamhshaolta, a chara, ach ná bac le tuiscint...má tá trócaire le spáráil agat, i do chianspás, bheinn an-bhuíoch díot ach spaslong lán di a sheoladh inár dtreo, chomh luath agus is féidir leat, le do thoil.

Teastaíonn sí uainn, go géar. 

Mise, le meas, Áine 

4 comments:

Néidí said...

go hálainn :)

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Néidí!

Hilary Sweeney said...

Tá súil agam go dtiocfaidh trócaire agus cabhair gan mhoill chuig na milliúin atá ag fulaingt le déanaí, a Áine. Uair amháin dheineas iarrachtaí na coimhlintí uile a thuiscint, ag coimeád súil ar scéalta fúthu srl - anois ní féidir - tá an iomarca trioblóide in áiteanna difriúla. Íocfaidh na glúine seo chugainn astu. Cén fáth go bhfuil síocháin chomh deacair?

Mise Áine said...

@ Cén fáth go bhfuil síocháin chomh deacair?

Ceist mhaith, a chara! Deacair na nithe seo a thuiscint..:-(