Wednesday, March 11, 2015

Neadió Teilifís Áine

Mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag, tá teachín éan againn, ar chúl an tí anseo i gCeann Scríbe - ceann le ceamara daite ann, anois. Teachín éan le ceamara dubh agus bán a bhíodh againn, roimhe seo, mar a fheicfidh sibh, anseo

Daoibhse nach bhfuil ar an eolas, agus mar eolas daoibh anois, tá an teachín éan ceangailte le teilifís na cistine againn, agus táim in ann súil a choinneáil ar gheáitsíocht agus ar shaothraíocht na n-éan, i ngan fhios dóibh. Is dócha go bhféadfá a rá gur, ahem, néaladóireacht ar neadaireacht atá ar bun agam. 

Pé scéal é, níor tháinig na meantáin ar ais chugainn, anuraidh, agus táim féin den bharúil gur tharla babhtáil na dtithe éan ag an am mícheart, agus go mb'fhéidir gur baineadh geit as an meantán gorm bocht - éan a bhí ag obair leis, le dúthracht, istigh sa seanteachín - nuair a chonaic sé, ar fhilleadh dó lá na babhtála, teachín éan nua thuas ar an gcrann, agus gan dé ná deatach ar bhunsopachán a neide! 

Bhuel, baineadh geit nach beag asam féin freisin, inné, nuair a chonaic mé an meantán gorm, thíos, agus é istigh sa teachín éan nua.

Iniúchadh de shaghas éigin atá ar bun aige, mar a rinne na héin uilig, le roinnt blianta anuas. Ní féidir a bheith cinnte an dtiocfaidh an t-éan seo ar ais, ach má thagann sé ar ais, agus páirtí leis aige, tá seans ann go dtógfaidh siad nead, agus ál, ann. Beidh le feiceáil.

Nach bhfuil na dathanna go hálainn! 

2 comments:

Unknown said...

Tá sé go hálainn!

Tá dhá fhearán agus cardinal iná gcónaí ar chúl an tí seo'ainne. Is maith liom a bheith ag breathnú orthu.

Is maith liom an cardinal ach go airithe mar go bhfannann sé ar feadh an gheimhridh.

Mise Áine said...

Úúú..is aoibhinn liom na cardinals, a April! Chonaic mé ceann acu ar chúl thí mo dheirféar, in Quincy, roinnt blianta ó shin, agus bhí sé galánta.

Deas cloisteáil uait, a chara..:-)