Tuesday, December 9, 2014

Súil Eile

'Is beag an rud a fheiceas an tsúil.'

6 comments:

ormondo said...

...nó a ligean sí uirthi go bhfeiceann sí.

Uaireanta.

Anonymous said...

Seas nóiméad, id thost, led shúile druidte agus braith preabadh do chroí agus leoithne d’anála, cluas éisteachta ort féin. Cloisfidh tú an ceol cúlrach, cuma cá mbíonn tú. Im chás féin agus mé dúisithe i rith na hoíche, is le hiomad glórtha an tí a mbím ag éisteacht; díoscán píopaí an chórais téite agus uisce te ag gluaiseacht tríothu, an ghaoth ag seinm go bog sna gáitéir, monabhar an aeir ar a thimthriall tríd an teach, análú réidh mo chéile agus í slán sábháilte. Ní ciúnas go tost agus thairis sin, ní tost go bás, agus is maith sin.

Mise Áine said...

@ Ormondo

Fíor..:-)

@ SeanO

Déanaim éisteacht mar sin, go minic, freisin, a chara. Súile na gcluas...

Mise Áine said...

Go deimhin, ní fhaca mé féin Sióg, sa phictiúr thuas, go dtí gur chuala mé é!

Anonymous said...

…agus aréir chualas cogar for-íseal an tsneachta ag cur brait bháin ar an seanbhliain.

Mise Áine said...

Go deas, a Sheáin..:-)