Wednesday, December 24, 2014

Beannachtaí na Féile

Beannachtaí an tséasúir uaimse chugaibhse, a léitheoirí: go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil i rith na féile, a chairde; go ndéana sibh, agus go roinne sibh, cuimhní cinn agus craic le bhur muinitir agus le bhur gcairde; go raibh agaibh smaointe dearfacha amháin, agus go seachnaí sibh daoine diúltacha agus, ahem, póiteanna.

 Ceann Scríbe

Bainigí sult as!

3 comments:

ormondo said...

Go mba hé duit! Agus Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise duit.

Míshásta said...

Lá 'le Stíofáin Sona dhuit, a Áine agus go raibh plúr ar do phrátaí I 1915.

Mise Áine said...

Grma, a Ormondo!

Go mba hé duit, a Mhíshásta!

Ach, 1915?

Hmmm...táim den bharúil go bhfuair duine éigin buidéal de shaghas éigin ó Dhaidí na Nollag..;-)