Saturday, November 8, 2014

Focail Liom Focail Leat


Roinnt blianta ó shin, chuir Dennis ceist orm cén leagan Gaeilge a bheadh agam ar 'cat's whiskers,' agus 'ribí féasóg cait' an freagra a fuair mé ó dhuine éigin, áit éigin, ag an am.  

An lá faoi dheireadh, tharla sé go raibh mé ag labhairt leis An Dómhnallach, agus chuir mé ceist uirthi faoin bhfocal sin 'whiskers' -  Mí na gCroiméal, atá ann, an dtuigeann sibh, agus b'fhéidir go raibh an t-ábhar sin faoi chaibidil againn. 

Ar aon nós, 'guairní/guairí' an focal a chuala sí, ó dhuine éigin, áit éigin...'guairní/guairí an chait' nó 'guairní/guairí cait'...iad le feiceáil go breá soiléir ar Shióg s'againne, thuas. 


Tá an focal 'guaire' le feiceáil anseo, ar www.focloir.ie, mar aistriúchán ar an bhfocal 'whisker,' agus is 'bristle' an leagan Béarla atá ar an bhfocal 'guaire' in WinGléacht, mar sin cé as ar tháinig an focal 'guairní' meas tú...seanleagan dúchasach, b'fhéidir?  Táim den bharúil gur 'guairí' an focal a dúradh. 


Bhuel, in WinGléacht, tá an focal 'guairneach' agus is 'awn (of barley)' atá i gceist leis, mar fhocal. Má bhreathnaíonn sibh ar an bhfocal sin 'awn' in www.dictionary.reference.com, feicfidh sibh na focail 'beard of wheat, barley...any similar bristle' luaite, agus, ó na grianghraif anseo, tá 'guairneacha' nó b'fhéidir 'guairí,' le feiceáil ar shifíní eorna, gan dabht ar bith. 


Agus, ó tharla an focal 'beard' luaite agam, tá an leagan Gaeilge 'féasóg' ann, ar ndóigh, ach ní raibh a fhios agam, go dtí anocht, go bhfuil an focal 'ulcha' ann, mar aistriúchán Gaeilge ar 'beard' chomh maith. 


Meas tú, arsa mé féin liom féin, an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'ulchabhán'...nó le 'ceann cait' b'fhéidir...hmmm....


2 comments:

ormondo said...

"Granne" an focal sa Ghearmáinis ar ghuairneach ach ní dóigh liom go bhfuil gaol sanasaíochta eatarthu.

Dála an scéil, nár bhreá (agus oiriúnach, leis) an t-ainm "Eorna" do chat?

Mise Áine said...

Ba bhreá, go deimhin..:-)